Rogha Ghearóid Uí Cairealláin
Bhí Wind that Shakes the Barley ar an scannán ab fhearr a rinneadh faoi na Trioblóidí dar le Gearóid Ó Cairealláin. Agus é ag caint liom inné dúirt sé gur leag scannán Ken Loach síos an caighdeán do scannán den tsórt agus nár sáraíodh fós ann. “Bhí an t-aisteoireacht thar barr, an plota is an scéal tomhaiste go foirfe agus bhí sé ina mhaistir rang do lucht déanta scannáin ar gach slí. Agus bhí na blasanna cainte ar dóigh, rud nach féidir a rá faoi mórán scannán a rinneadh faoi na Trioblóidí.’
Agus dar le Gearóid go mbeadh scannán eile de chuid Ken Loach sa reicneáil agus muid ag bronnadh gradaim ar scannáin faoi na Trioblóidí.
‘Bhí Hidden Agenda iontach maith ach amháin gné ar leith de. D’amharc mise air i bpictiúrlann Curleys i mBaile Andarsan in Iarthar Bhéal Feirste agus i radharc amháin tchíonn tú an príomhcharachtar ag tiomáint chuig cruinniú rúnda i nDún Geanainn. Ach ar an scaileán tiománann sé suas Bóthar na Carraige Báine agus thart ar mhúrphictiúr gleoite a bhí ar bhinn siopa ansin. Agus bhí gach duine sa phictiúrlann ag scairteadh os ard, ‘You’re going the wrong way – Dungannon is down the other way.’
Tá súil as agam nach mbeidh meancóga mar sin sa chlár faisnéise atá déanta ag Gearóid ar shaol an Chairdinéil Thomás Uí Fhiaich. Craolfar an clár uair a chloig i mí na Nollag, 18 Nollaig más buan mo chuimhne. Tabharfaidh mé mionsonraí faoi sin am éigin amach anseo.
Más mian leat do thuairim a nocht faoi na scannáin is fear – agus is measa – faoi na trioblóidí gabh siar chuig an bhlag ar 8-10-08 ar an suíomh seo, Hunger , léirmheas. Tá 20 duine i ndiaidh a dtuairim a nocht agus gach cuma ar an scéal gurb é Wind that Shakes the Barley an mór rogha acu.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta