Scrín na sceimhle
‘Scrín na sceimhle’ a thugann an DUP agus aontachtaithe eile ar an phlean chun bloc sa Cheis Fhada a choinneáil mar chuid de phlean chun staid a thógáil ar shuíomh na Ceise Fada. De réir dealraimh tá Gregory Campbell, atá ag seasamh an fhóid i gcoinne Acht na Gaeilge, tá rún aige an plean do staid agus d’Aonad Athmhuintearais ag an Cheis Fhada a chur go tóin poill. Níl a fhios agam an mbeidh ar a chumas a leithéid a dhéanamh gan tacaíocht thrasphobalach sa Tionól. Beidh le feiceáil. Cibé faoi sin bhí plé iontach suimiúil faoi ar Talkback an BBC ag am lóin. Agus mar a chuimhnigh cainteoir amháin ar an phainéal stiúideó, ‘If the reconciliation centre at the Maze is seen as a shrine to terrorism what is Stormont if not a shrine to terrorism.’ Ní gá focal breise a rá.


digg it
del.icio.us
Má tá eolas nó anailís de dhíth ar dhuine ar bith faoin mbuisead agus na h-impleachtaí don Ghaeilge, fearaim cuireadh rompu dul chuig
http://igaeilge.wordpress.com/2008/10/14/meadu-62-ar-chiste-na-gaeilge-faic-breise-don-bhforas/áit atá an scéal ar fad le léamh ann. Na cinnlínte - faic breise don bhForas agus méadú ollmhór do Chiste na Gaeilge, ciste atá faoi dhiscréid an Aire agus atá teoranta do na 26 contae amháin.Concubhar Ó Liatháin — 2008-10-14 - 17:12:44 GMT 0
Má tá eolas nó anailís de dhíth ar dhuine ar bith faoin mbuisead agus na h-impleachtaí don Ghaeilge, fearaim cuireadh rompu cuairt gairidi a thabhairt ar iGaeilge áit atá an scéal ar fad le léamh ann. Na cinnlínte - faic breise don bhForas agus méadú ollmhór do Chiste na Gaeilge, ciste atá faoi dhiscréid an Aire agus atá teoranta do na 26 contae amháin.
Ansan, gan amhras, tar ar ais anseo agus dein an ceist a phlé. Beidh fáílte roimh bhúr ionchur ar an suíomh eile freisin....
Concubhar Ó Liatháin — 2008-10-14 - 17:14:39 GMT 0