Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Cosaint do na baincéirí , díothú Combat Poverty

eoghan @ 10:38

euros.jpg

b-lenihan.jpgDon té atá ag iarraidh eolas agus plé faoin taobh Gaelach i mbuiséad an lae inné tá sin agus breis ar http://igaeilge.wordpress.com/
Tá cur síos beacht ag Conchúr O Liatháin ansin ar na moltaí atá ann ó thaobh na Gaeilge de agus na himpleachtaí a eascraíonn as. Fágfaidh mise na rudaí sin ar leataobh go gcionn tamaill. Rudaí eile atá faoi chaibidil agam agus mé ag plé leis an bhuiséad.

Bhí faobhar tua ar bhuiséad Brian Lenihan inné agus níl dream ar bith is mó a mhothaigh an faobhar agus a mhothaigh na bochtáin is daoine ar ioncam íseal é. Cuir i gcás go bhfuil an rialtas ó dheas i ndiaidh fáil réidh le háisínteacht a rinne a gcáineadh go rialta agus go láidir, mar atá Combat Poverty. Cén seans anois go mbeidh eagar orthu sin sa sochaí ar mhaith leo troid do na bochtáin? Is féidir dul tríd liosta na gciorruithe a tugadh isteach inné agus gheobhaidh tú amach gurb iad lucht an bheagán airgid is measa atá thíos leis.
Cad é an ciall atá le gearradh 10% ar thuarastal Theachta Dála?
Tá suas le E100,000 sa bhliain ag cuid acu sin agus costais agus pinsin deas agus pribhléidí ar leith agus eile.
Is mór idir gearradh 0% ar bhuiséad pholaiteora agus gearradh E1,000 sa bhliain ar an duine atá ag saothrú E15,000 sa bhliain, nó E20,000 sa bhliain agus páistí acu agus morgáiste nó cíos le híoc acu. Rinneadh go leor leor cainte ar na mallaibh, agus arís eile inné, faoin ghá le cosaint a thabhairt don gheilleagar, don choras baincéireachta, do lucht fiontraíochtza agus eile.
Ach b'éigean cosaint a thabhairt do phobal na 26 Chontae i mbuiséad an lae inné. Agus níor tugadh sin ná baol air.
Baineadh airgead ó na bochtáin chun go maoinfaí na baincéirí, an dream atá i ndiaidh praiseach a dhéanamh dá ngnó féin. Agus amach anseo bainfear níos mó airgead ó Sheán Saoránach chun níos mó a thabhairt do na bancanna.
Tá saibhreas in Eirinn thar mar a chothódh gach duine sa stát (agus sa tír) agus tá oiread airgid sa tír is a chuirfeadh caighdeán beatha maith ar fáil do gach duine. Ach tá an ceart ag an eite chlé. Is cuma an tír a bheith saibhir nó iontach saibhir, ní thabharfar cothrom na Féinne do gach saoránach mar go bhfuil daoine sa tír seo nach mbeidh sásta mura saothraíonn siadsan E1 milliún, nó E2m nó níos mó sa bhliain. Agus mura ligtear dóibh E20 m a charnadh i mbancanna nó i dtaiscí eile.
Cuimhníonn an 'géarchór airgeadais' , géarchéim a chruthaigh na boic saibhre, go bhfuil an ceart ag an eite chlé - tá an caipitileachas lochtach go smior.
Baineann an caipitileachas le haicme amháin agus níl san ísealaicme, na bochtáin agus iad sin ag bun an chairn ach dála an scéil. Am maith é seo do pháirtí atá sásta agus gleasta chun troid i gceart ar son na ndaoine atá thíos leis an chóras atá anois ann.
An bhfuil páirtí ar bith inchurtha leis - Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, an Páirtí Sóisialach? Nó an gá páirtí nua ar fad a bhunú le tabhairt faoi?

Nótaí Tráchta - 1 »

  1. Maith thú Eoghan as an méid atá le rá agat anseo. De réir a chéile tá an phobal ag feiceáil gurb í an caipitleachas an bun-locht is suntasaí atá sa sochaí. Cothaíonn sé sochaí míchothrom agus le blianta beaga anuas d'éirigh seo níos measa de réir mar a lean Rialtas na 26 contae an ídeolaíocht, suarach, lochtach ó na Stáit a chinntíonn go gcarnann lucht an airgid níos mó de mhaoin na tíre dóibh féin agus go mbíonn an chuid eile thíos leis. Ba cheart go gcuirtear brú ar an rialtas, in am an gátar, na háiseanna luachmhara atá againn as cósta iarthar na tíre seo a úsáid le cuidiú breise a thabhairt don phobal mhór in áit pócaí Shell a líonadh athuair.

    Ciarán Mac Giolla Bhéin — 2008-10-15 - 12:36:38 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>