100 síntiúsóir ag Nós - an bhfuil tú san áireamh?
Beidh an t-iris Nós ar fáil i bhfoirm clóite roimh an Oireachtas. 1,000 cóip den iris a chuirfear ar fáil agus beidh praghas £3 nó E3.80 ar an eagrán seo. Ní bheidh ábhar nua sa cheann seo ach bailiúchán de na píosa ab fhearr a bhí san iris ó tháinig sé ar an tsaol. Beidh an leagan míosúil ag tosú sa bhliain úr. Beidh seastán ag an Oireachtas. Tá corradh agus 100 síntiúsóir ag an iris cheana féin agus beidh siad sin ag fáil cóip den chéad eagrán sin. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh idirlín Nós ag eolas@nosmag.com Tá £32 nó E40 sa bhliain ar shíntiús.


digg it
del.icio.us
Ye see, sin an rud fa ghaeilgeoiri, go maith ag gearin, go holc ag ceannacht.
Daoine ag gearain leo fa La Nua anseo ach an gceannaionn siad e?
Daoine ag gearain leo le triocha bhliain go bhfuil iris do dhaoine og. Deanann daoine ceann. Ni cheannaionn na Gaeil e, is furast a bheith ag gearain ye see.
Nil de dhith ach 300 agus beidh nos* i gclo - gan deontas.
An bhfuil 300 Gaeil in Eirinn sasta chun i a cheannach. Ta me in amhras - furasta a bheith ag gearain ye see.
Mo thuairim — 2008-10-18 - 12:57:37 GMT 0
ní dhíolann an News Letter i mBéal Feirste ach tuairim is 12,000 - in ainneoin na milliúin punt a bheith taobh thiar dóibh agus teanga na Banríona in úsáid acu. Ag cuimhneamh air go bhfuil na millúin d'infheistíocht déanta in achan nuachtán in Eirinn agus go bhfuil Béarla acu is iontach nach gceannaíonn ach 40,000 nó mar sin an Irish News agus níos lú fós an Tele. An iontach an ioncam a bhfaigheann an Irish Daily Star nó Irish Sun as scaipeachán - ní dóigh liom é. Ach faigheann siad fortún as fógraíocht, rud nach bhfuair nó nach bhfaigheann Lá Nua. Ní gá do Lá Nua nó Nós na mílte síoraí de léitheoirí a fháil ag an tús - caithfidh siad tógáil agus gan ligean dá gcostais a bheith níos mó ná a gcaiteachas. Tógfaidh sé blianta sula ndíolfaí 10,000 nó 15,000 ach tarlóiodh sé. Tá lucht Lá i ndiaidh éachtaí a dhéanamh ar bheagán acmhainn agus ní fios dom cá mhéad atá á ceannach ach roinnt mílte b'fhéidir. Caithfear iad sin a choinneáil agus ansin tógáil air.
gael — 2008-10-18 - 13:35:57 GMT 0
Cheannaigh mise sintiús do Nós - éirigh as an caoineadh Mo Thuairim. Ceannaigh síntiús ní amháin cionn is go bhfuil an iris seo i nGaeilge - ta sé maith fosta.
Nósfaidh an aimsir — 2008-10-20 - 08:38:33 GMT 0