Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Ag tochailt poill - seo agat spád eile a Gordon

eoghan @ 10:08

55802_captcrunch.jpgIs maith an rud an bheirt Brian, Cowen is Lenihan, a bheith ar an chos chúl, iad ag tabhairt le fios anois go mbeidh maolú ar a bplean chun cártaí leighis a bhaint de dhaoine thar 70 bliain d’aois. Ní hé nach bhfuil an pobal sna 26 Chontae ar an tuiscint gur gá ciorruithe a bheith ann. Díreach gur mhaith leo go mbeadh na ciorruithe sin ciallmhar agus cothrom agus is beag duine a gcreideann go bhfuil se cothrom nó ciallmhar tromaíocht ar dhaoine thar 70 bliain d’aois.
Ná go mba cheart cur le líon na ndaltaí i ranganna scoile. Tiocfaidh laghdú ar chaighdeán oideachais na bpáistí mar gheall ar an treoir sin. Agus mar a mhínigh Pilib Mac Cathmhaoil dom ar Raidió Fáilte, caillfidh múinteoirí a bpost dá bharr. Tá Pilib agus a chomhlacht físeáin TOBAR, ag déanamh clár 'cuileog ar an bhalla' do TG4 faoi trí scoileanna, Coláiste Feirste i mBéal Feirste, Gaelscoil ar Inis Eoghain agus Gaelscoil i gCorcaigh. I gCorcaigh an tseachtain seo thart agus Pilib ag déanmamh reidh do bhabhta eile scannánaithe bhí an fhoireann ag socrú cérbh iad an ceathrar múinteoir a chaillfidh a bpost mar gheall ar an mhéadú ar líon na ndaltaí i ngnách rang.
Is iontach go bhfuil Fianna Fáil oiread sin as teagmháil lena mbuntacaithe is go bhfuil siad ag moladh ciorruithe mar seo. Ach tá rud amháin cinnte. Tá an rialtas ó dheas ag gearradh siar agus leanfaidh siad ag gearradh siar. Agus gach seans gurb é an polasaí ceart gearradh siar o réimsí áirithe ag am nuair atá oiread sin neamhchinnteachta faoi chúrsaí eacnamaíochta.
A mhalairt atá ar bun ag Gordon Brown. Dar leat go bhfuil an fear sin, agus a rialtas, ag dul ar mire glan.
Ar dtús cheannaigh siad bunús na mbancanna móra sa Bhreatain le hairgead na n-íocóirí cánach. Moladh iad go mór as sin a dhéanamh! As airgead na n-íocóirí cánach a úsáid chun na bancanna a threisiú? Nach dtuigeann daoine gurb é airgead s’acu atá ann agus gur airgead é sin anois nach mbeidh le caitheamh ar scoileanna, ospidéil srl. Nach mothaíonn siad gurb é Northern Rock, an dream a cheannaigh Gordon Brown cúpla mí ó shin, atá ar an bhanc is díograisí ag ciceáil daoine amach as a dtithe cionn is nach dtig leo morgáiste a íoc?
Ach mura leor acu sin tá Alistar Darling i ndiaidh fógairt go bhfuil sé chun na billúin a infheistiú i dtograí tógála agus eile. Rud a spreagfaidh fostaíocht agus fás, b’fhéidir, agus a bheidh deathionchar aige ar infrastruchtúr na Breataine, b’fhéidir.
Tá sé chun na billiúin, nach bhfuil aige, a chaitheamh chun vótaí a cheannach seachas chun fadhbanna eacnamaíochta na Breataine a réiteach.
Na billiúin a gheobhaidh sé ó iasachtaí idirnáisiúnta!
B’fhéidir go bhfuil an ceart ag Gordon Brown agus a fhoireann gur féidir leat géarchéim a choinneáil ar chúl trí airgead a chaitheamh ina threo. B’fhéidir. Ach bhí an dearcadh sin ag baincéirí na Breeataine agus tchí Dia anois iad.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>