Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Comhar - cad é atá ag titim amach?

eoghan @ 15:30

Thug mé iarraidh dul isteach ar shuíomh nua Comhar. http://www.comhar-iris.ie/ Ach níl rud ar bith ann ach 'hostbasket' i mBéarla, i bhFraincis agus san Ollanais. Cad é go díreach atá ag titim amach le Comhar?<
Tá fiche scéal cloiste agam a thugann orm smaoineamh gur cheart do dhaoine greim a choinneáil ar an chéad eagrán den Comhar Nua atá i ndiaidh a bheith foilsithe. Más fíor do na scéalta seo níl gach rud ag dul go breá le Comhar Nua, a mhalairt, agus is am corrach atá i ndán don iris sa ré nua atá díreach tosaithe.
Coinneoidh mé sibh ar an eolas faoin scéal oiread agus a dtig liom ach idir an dá linn gabh amach agus ceannaigh do chóip den iris - anois!
Más údar dóchais don iris nua tá mé i ndiaidh mo chóip de a cheannach sa Cheathrú Póilí sa Chultúrlann. Dúirt bean an tsiopa liom gurb é sin an dara lasta de Comhar a bhí faighte aici le cúpla lá anuas, gur díoladh amach an chéad 10 gcóip a fuarthas an tseachtain seo thart. Má dhéanann go leor againn é ba 'comhar' go mbeadh rath ar an Chomhar Nua.

Nótaí Tráchta(7) »

  1. tá mise ag dul éirí as a bheith ag cur síntíus chuig irisí Gaeilge feasta nó tá mallacht ar mó chuid airgid. tá síntiús agam le "LÁ" agus daoradh chun bás é.Chuir mé síntiús chuig COMHAR agus anois tá sin i mbaol má's fíor duit.Ar cheart domh mó shíntiús do "NÓS" a iarraidh arais sul a bhfaighfidh sin bás fosta?

    Séamus Mac Seáin — 2008-10-21 - 15:53:23 GMT 0

  2. Seadh, agus thug FnaG airgead do Chomhar thar Nos* ar eagal go ndeanfadh nos* maitheas don Ghaeilge.

    Mo thuairim — 2008-10-21 - 17:08:47 GMT 0

  3. I gcead do Mo Thuairim thig le Nos a cás féin a chur gan a bheith ag ceangal Comhar agus Nós agus deontais agus dá réir faoi mar a dhéanann daoine cás Lá Nua agus Foinse a cheangal.
    Tá an t-eagrán nua de COMHAR fecithe agam agus dar liom go bhfuil sé iontach maith. An mbainfidh sé margadh nua amach - ní dóigh liom é ar fhianaise an chéad eagráin. Ach tá COMHAR faoina chruth nua i bhfad níos fearr ná mar a chuir léirmheastóir ar Fhoinse in iúl an deireadh seachtaine seo thart. Tugtar seans dó.
    Más fíor don tuairisc thuas tá fadhbanna ann ach bíonn fadhbanna ag gach iris is nuachtán agus oibríonn daoine chun na fadhbanna sin a réiteach. Tarlóidh sé sa chás seo fosta. Tá súil as agam go mbeidh rath ar COMHAR faoina chruth nua nó tá gá le hiris mar í i saol na Gaeilge. Tá rud amháin cinnte - más fíor don tuairisc seo thuas i gcás Bhéal Feirste tá níos mó daoine ag iarraidh teacht ar COMHAR lena mbreithiúnas féin a dhéanamh ar an iris. Agus is eagarthóir cumasach, fuinniúil, óg, cumasach é Aindrias Ó Cathasaigh. Go n-éirí leo.

    Tabhair seans do COMHAR — 2008-10-22 - 08:09:33 GMT 0

  4. An eol d'éinne an Ghaeilge ar Yawn?
    Bíonn muintir an tuaiscirt de shíor ag meas go raibh comhcheilg ina n-eadán. Lá Nua v Foinse, COMHAR v Nós agus dá réir agus dá réir.
    Tá mise chun suíomh idirlín nua a bhunú faoichoinne lucht paranoia na Gaeilge
    - www.comhcheilg.gael
    Fáilte roimh do comhcheilgí, tá go leor acu ann is léir.

    comhcheilg eile — 2008-10-22 - 08:14:22 GMT 0

  5. comhcheilg eile,

    Bhál, tá do bharúil agat ach bí cinnte go mbeidh mise ag fáil seoladh thíos i nDún Dealgan.

    Níl aon amhrás agam ar chór ar bith gurbh fhearr leis an Fhoras airgead a thabhairt do thogra sa Saorstáit, níl dabht ar bith agam fá sin dáirire.

    Maorlathaigh saorstáiteach atá iontu le meón an tSaorstáit - ba chóir deireadh a chur leis an eagraíocht, is adhfhuafaireacht é.

    Freagra — 2008-10-22 - 09:11:44 GMT 0

  6. a "chomhcheilg eile" a chara

    ní lia duine na tuairim i measc "muintir an Tuaiscirt" féin buíochas le Dia ach tá tusa ag léiriú meon na comhcheilge nuair a deir tú go mbíonn muid go síoraí ag caint faoin iomaíocht idir Foinse agus Lá agus idir Comhar agus Nós. cha bhíonn

    Séamus Mac Seáin — 2008-10-22 - 09:32:43 GMT 0

  7. Is cuma faoin chaint seo - ón méid atá feicithe agamsa is cinnte nach bhfuil nós* tuaisceartach ar chuma ar bith!

    Tá gá le gach saghas foilseachán - nuachtán seachtainiúil, seirbhís nuachta laethúil, iris litríochta sean-bhunaithe mar Comhar, iris cool nua-aoiseach mar nós*...

    BÍGÍ CIALLMHAR — 2008-10-23 - 11:23:05 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>