Gregory ag iarraidh an teocht a ísliú sa Teach Fuar

Bhuail Gearóid Mac Adaim le Gregory Campbell aréir agus rinne an cás dó, arís eile, ar son Acht na Gaeilge. Níorbh éigean an cás a dhéanamh nó tá an argóint caillte ag an DUP fad ó shin faoin cheist seo. Tá a leithéid de reachtaíocht sa Bhreatain Bheag agus in Albain, tá na Sasanaigh féin i bhfách leis agus in ainneoin scairtí is blustar an DUP tá an tAcht geallta i gComhaontú Chill Rimhinn.
Ach chuaigh ceannaire Shinn Féin chuig Stormont aréir agus chuir sé an cás arís eile. Dar leis nach raibh sé muiníneach go mbbeadh dul chun cinn mar gheall ar an chruinniú sin ach dar leis go raibh sé le mothú ó Gregory go dtuigeann sé nach bhfuil ann ach ceist ama go mbeidh Acht na Gaeilge.
Ní chreidim go bhfaighfear Acht na Gaeilge go luath. Beidh troid le déanamh gach orlach den tslí, leis na hAontachtaithe agus leis na mandiríní i Stormont. Tá Gregory agus Edwin i ndiaidh an teocht a isliú do lucht na Gaeilge i dTeach Fuar na 6 Chontae. Agus biodh a fhios agat gur Teach Fuar atá ó Gregory agus a mhacasamhail. Creideann siad go mbrisfidh sin lucht na Gaeilge. An fear bocht.
Ach sin ráite tá Gregory ag dul a chaitheamh rud éigin ár dtreo, rud a bhaineann leis an Chairt Eorpach a chur i bhfeidhm ar bhealach níos treise ná mar a rinneadh.
Ní leor é ná baol air. Ach is beag ní nach cuidiú éigin é.
Tógaimid gach rud a thig ár mbealach agus gach rud a threisíonn an pobal Gaelach agus cás na Gaeilge. Nó bíodh Acht ann amárach nó i gceann bliana nó i gcionn trí bliana tá togáil pobal na Gaeilge le déanamh agus á dhéanamh i rith an ama.
Ach ní bheidh ár sásamh ann go dtí go mbeidh Acht againn.
Nó sa deireadh ciallódh Acht na Gaeilge go mbeadh aitheantas ann faoi dheireadh nach stát Aontachtach Béarla é seo a thuilleadh ach stát a bhfuil pobal le dílseachtaí éagsúla ann agus gur gá na dílseachtaí sin a aithint.
Is geall le nimh don Aontachtachas é sin. Rud nach fíor sa Bhreatain Bheag nó in Albain, mar ar féidir a bheith ar son an aontais agus a bheith ar son an teanga dúchais.
Is iomaí uair ráite gur gá do lucht na Gaeilge agus do náisiúnaigh agus do Chaitlicigh cúrsaí a eascú le go dtiocfadh le Protastúnaigh agus aontachtaithe bogadh leathorlaigh féin i dtreo na Gaeilge.
Ach tá gá le rud eile fosta, is gá do Aontachtaithe agus Protastúnaigh tosú ar a gceistiú féin faoi chultúr agus faoina seasamh aineolach faoin Ghaeilge.
Is gá dóibh a bheith á gcur féin ar an eolas faoina stair, faoina traidisiúin, faoina ról i náisiún na hÉireann agus dá réir.
A bheith oscailte don fhirinne cibé áit a thugann sé iad.
Gan sin ní bheidh mórán d'athrú mar atá agus mar a bhí ar dhearcadh an phobail Aontachtaigh faoin Ghaeilge.


digg it
del.icio.us
An bhfuil tuairimí ar bith agaibh maidir le hargóint a ardú leis na hAondachtaigh ar nós gur dúchasaigh sinn mar Ghaeil in Éireann - 'indigenuous' mar a deir an Béarla? Cad faoi tionchar na cáipéise 'UNESCO Universal Declaration on Cultural Diversity' agus a leitheid taighde atá idir lámha acu faoi láthair ar teangacha agus daoine dúchasacha? De réir cur-síosanna áirithe is daoine dúchasacha sinn. Amharc ar an tracht seo glactha ón 'UN Development Group Guidelines on Indigenous Peoples' Issues':
Who are indigenous peoples?
The international community has not adopted a definition of indigenous peoples and the prevailing view today is that no formal universal definition is necessary for the recognition and protection of their rights. However, this should by no means constitute an obstacle to UN agencies in addressing the substantial issues affecting indigenous peoples.
What follows is a brief overview of some of the existing attempts to outline the characteristics of indigenous peoples:
The ILO’s Indigenous and Tribal Peoples Convention, 1989 (No. 169) applies to:
o Tribal peoples whose social, cultural and economic conditions distinguish them from other sections of the national community, and whose status is regulated wholly or partially by their own customs or traditions or by special laws or regulations.
o Peoples who are regarded as indigenous on account of their descent from the populations which inhabited the country, or a geographical region to which the country belongs, at the time of conquest or colonisation or the establishment of present state boundaries and who, irrespective of their legal status, retain some or all of their own social, economic, cultural and political institutions.
o The Convention also states that self-identification as indigenous or tribal shall be regarded as a fundamental criterion for determining the groups to which the provisions of this Convention apply.
Tuairimí...? Nach faoin chur síos sin muid, mar Ghaeil / Gaeilgeoirí?
An truitean — 2008-10-21 - 15:51:52 GMT 0