Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Glúin '68 ag baint croitheadh as an bheirt Brian

eoghan @ 17:23

agoid.jpgTá na daoine aosta i ndiaidh éirí as a suan agus bhí tuairim is 15,000 duine taobh amuigh den Dáil ag agoid inniu. Ba dhona go leor ag Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas go raibh John Moloney ag fáil oiread sin 'stick' inné ach tá siad uilig thíos leis anois, rud a chuir lucht agóide ina luí ar Ciaran Cuffe go háirithe.
Tá iontas ar go leor go bhfuil daoine 'scoth aosta' mar a thugtar orthu chomh radacach is chomh bríomhar is chomh dobla dana. Ach cén iontas. Tá go leor leor de na daoine sin a bhí ag an Dáil inniu 60 bliain, 70 bliain d'aois anois agus 40 bliain ó shin go cothrom agus iad ina fichidí is ina dtriíocháidí b'iad seo an ghlúin a throid cathanna 1968 .
Agus tá an bheirt Brian, mar aon leis na Glasaigh balbha, ag fáil amach mar a fuair go leor de na maithe móra amach roimhe seo nach féidir glúin '68 a shárú.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>