Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Ráiteas Adams i mBéarla

eoghan @ 15:21

Is é seo cóip Béarla den ráiteas a d'éisigh Gearóid Mac Adaim inniu.

Adams expresses support for daily Irish language paper
Sinn Féin President Gerry Adams, MP,MLA, has today expressed his support for a daily Irish language newspaper and his support for those who would wish to provide this service to the Irish language community.
The Sinn President also urged Foras na Gaeilge to continue to plan ahead in a strategic all-island basis.
Gerry Adams said,
'There is a very clear need for a daily Irish language newspaper. Obviously this has to be sustainable. Sinn Féin will support those who wish to provide this service to the Irish language community. Lá has been the flagship. It is the only daily Irish language publication and everyone involved with it is to be commended. The closure of Lá would be a step backwards.
It appears we will no longer have a daily paper in Irish. This is the wrong message at the present time.
Foras na Gaeilge was established under the Good Friday Agreement to promote Irish on an all-Ireland basis.
This gave a new impetus to the myriad strands of the language revival. However if Foras is to be relevant to this revival it has to continue to plan ahead on a strategic all-island basis.
It needs to be a dynamic and representative body giving voive to the grassroots and keeping the Irish and British governments to their pledges on Irish.
It is of key importance that we all have confidence in Foras na Gaeilge."

Nótaí Tráchta(6) »

  1. abair gos íseal é, ach ar chuir sé an ráiteas sin i gcead Eoghain Mhic Chormaic agus a chomrádaithe Sinn Féineacha ar Fhoras na Gaeilge?

    Séamus Mac Seáin — 2008-10-22 - 16:01:43 GMT 0

  2. Is tú féin a luaigh é roimhe seo a Eoghain - fuarthas airgead ón spéir chun an Chiste Craoltóireachta a choinneáil ag dul. Ní mar gheall ar a fhiúntas ná an t-éileamh srl, rudaí a bhí fíor. Ach cionn is gurb éigean do Shinn Féin cruthú go dtiocfadh leo rudaí a fháil don Ghaeilge in ainneoin naimhdis an DUP. Is gá an rud céanna a dhéanamh anois i gcás Lá Nua,agus go práinneach. Focal beag ar ghá a lua - rinne Belfast Media Group, Máirtín Ó Muilleoir, foireann agus síntiúisóirí Lá Nua éachtaí le blianta beaga anuas ar bheagán airgid is acmhainn. Mholfainn dóibh gan lúbadh sna laethanta diaine seo. Is é seo an t-am a dhéantar fiúntas duine a chruthú agus is é seo an t-am nuair is éigean dúinn seasamh le chéile.

    Glún na Bua — 2008-10-22 - 16:57:28 GMT 0

  3. Tá igaeilge ag tuairisciú go bhfuil Lá Nua le dul as gnó roimh an Nollaig. An bhfuil sé seo fíor? Tá cairde go leor ag an pháipéar anseo i mBaile Atha Cliath - an féidir linn aon rud a dhéanamh?

    Liam Ó Cnáimhsí — 2008-10-23 - 07:17:38 GMT 0

  4. chuala mé na raflaí ceanna, an ionann sin agus deireadh go hiomlán le Lá Nua in ainneoin an méid a dúirt Adams?

    dóchas? — 2008-10-23 - 08:39:18 GMT 0

  5. Beidh cruinniú ag na hoibrithe ag Lá Nua tráthnóna. Mar sin gach seans nach mbeidh a fhios acu, againne, go dtí sin.

    ain-eolach — 2008-10-23 - 10:11:49 GMT 0

  6. Agus mé ag labhairt le roinnt daoine ar na mallaibh fán argóint ar son an chinnidh sin gan Lá Nua a mhaoiniú níos mó. Cuireadh ar mo shúile domh nár pháipéar ceart nuachta é agus ba léir sin ón leagan amach agus an méid nuachta a bíos le léamh ann. Agus luadh nach ndíoltar ach líon beag páipéar ach an oiread. Agus cé go raibh an argóint seo ag dul i bhfeidhm orm agus mé ag glacadh le tuairimí an duine sin, bhí ceist i m'intinn féin ag cur isteach ar an chomhrá sin. Cad chuige nach raibh sin amhlaidh? Cad chuige nach raibh Lá Nua cosúil le páipéir laethúla an Bhéarla? Ní raibh mé in ann an freagra sin a aimsiú ag an phointe sin! Labhair mé le roinnt daoine eile a raibh a mhilleadh de thuairim acu fán chinneadh agus dúirt duine amhain acu sin liom nach raibh go leor airgid ariamh ag an pháipéar le caighdeán pháipéar an Bhéarla a bhaint amach. Níor tugadh ach £180,000 sa bhliain agus de réir cosúlachta chaitheann na mórpháipéir eile 20 oireadh sin anseo ó thuaidh amháin. Agus trí oiread sin ar chúrsaí margaíochta amhain. Chuir sé seo iontas orm, nó níor smaoinigh mé air seo roimhe. Is iontach liom gur mhair Lá Nua chomh fada seo ar an chéad dul síos agus an méid íseal sin airgid acu. Agus mé ag déanamh machnaimh air seo, tógadh ceist eile i m'intinn. Cad chuige nár tugadh go leor airgid daofa ariamh? Ní thiocfadh liom theacht ach ar aon fhreagra amháin. An amhlaidh nach raibh Foras na Gaeilge dáiríre fán tacaíocht seo, nach raibh an Foras den tuairim gur fiú páipéar laethúil a bheith ag lucht na Gaeilge ar chor ar bith. Anois agus mé ag machnamh air seo, is maith is cuimhin liom an troid fhíochmhar a bhí ann cúpla bliain ó shin leis an deontas seo a ghlámadh uathu den darna huair. Creidim féin anois go bhfuil rud níos tábhachtaí ag tarlú anseo agus nach n-aithíonn daoine a thábhachtaí atá an troid seo. Baineann seo le cúrsaí smáchta agus cumhachta. Cé tá i mbun chur chun cinn na Gaeilge sa tír seo idir Thuaidh agus Theas? Tá go leor don chaimiléireacht agus don chealgaireacht ag dul ar aghaidh anseo, an amhlaidh go bhfuiltear ag cur dallamullóg orainn? Sílim anois gur troid stiúrtha na Gaeilge atá ag dul ar aghaidh anseo agus ní amháin sa chás seo ach ar fud saol na Gaeilge, agus tá tuairim iomlán éagsúil ag lucht stiúrtha an Fhorais ar bhealach chun cinn na Gaeilge agus cé a bheas dá stiúradh! Ná bíodh dallamullóg ort níos mó, ba chóir dúinn anois a bheith ag troid go fiáin ar son go leor airgid le páipéar ceart laethúil a bheith againn, mar atá ag lucht a Bhéarla sa tír seo. Nó ma chiaillann muid an ceann seo is mó i bhfad a chailltar ná Lá Nua amháin. Cothrom na Féinne do na Gaeil!

    Gael gan chiall — 2008-10-23 - 12:23:11 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>