Teanga idirnáisiúnta an cheoil
Tá go leor craoltóirí iontacha ar Raidió Fáilte agus tá a líon ag méadú i rith an ama.
Ach is beag duine acu chomh tallannach nó chomh difriúil le Jagimohan Singh Dasila atá i ndiaidh a bheith ag obair linn le cúpla mí. Is as tuaisceart India do Jagimohan agus mar aon leis na buanna pearsanta a thugann sé chuig an mhicrafón leis agus é i mbun craolta tugann sé leis rogha dochreidte de cheol iontach Indiach. Ar na ceoltóirí ab fhearr liom tá Atif Aslam, Sonu Nigiam, agus Himesh Reshmiya.
Tá beagán Gaeilge foglamtha ag Jagimohan le cur leis an 4-5 teanga atá aige agus a gcailíochtaí mhóra i gcúrsaí gnó. Mar aon lena chláir bhí sé ag obair ar thaighde margaíochta le linn a sheal ag Raidió Fáilte agus crothnóidh muid go mór é nuair a imeoidh sé ag deireadh na seachtaine seo.
Bhí cuidiú againn ó Social Enterprise Growth Through Placement Programme a reachtáladh i gcomhar le Comhairle Bhéal Feirste, Ollscoil Uladh agus Workwest.
Ach beidh sé ag fanacht i mBéal Feirste agus ag leanúint ar aghaidh le corrchlár ar Raidió Fáilte, deascéal do dhaoine ar suim leo ceol maith ag láithreoir maith.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta