Bás agus Beatha - an Chiste Craoltóireachta
Cósta Uí Catháin atá díreach ar cheann amháin de na cláir iontacha a rinne an Chiste Craoltóireachta ó thuaidh a choimisiniú i mbliana. Tobar, comhlacht léiriúcháin atá lonnaithe sa Chultúrlann i mBéal Feirste a rinne an clár seo a chraolfar san athbhliain.
Tá Tobar faoi láthair ag obair ar thogra iontach eile, ‘cuileog ar an bhalla’ mar a deirfeá ag tuairisciú ar shaol na múinteoirí is na daltaí i dtrí Ghaelscoil fud na tíre, Coláiste Feirste i mBéal Feirste, scoil ar Inis Eoghain agus scoil i gCorcaigh. Deirtear gur clár thar a bheith maith atá ann agus tá TG4 iontach tógtha faoina bhfuil feicthe acu go dtí seo.
Agus mar a luaigh mé anseo cheana féin tá sraith iontach suimiúil á déanamh réidh ag Diarmuid Ó Tuama do Tobar, sraith faoi na cainteoirí dúchais deireanach i gCúig Uladh (seachas Dún na nGall) agus cúpla contae eile cois teorainn. Tá tuilleadh idir láimh ag Tobar ach níl an spás anseo chun iad uilig liostáil.
Agus ar ndóigh tá Tobar agus comhlachtaí eile mar é, thuaidh agus theas, ag brath go mór ar an Chiste Craoltóireachta ó thuaidh, dream a fógraíodh a mbás fiche uair i mbliana agus atá ag saothrú leo in ainneoin na n-ainneoin. B’fhéidir go bhfuil ceacht ansin do Lá Nua. Agus do Shinn Féin má tá siad ag iarraidh teacht i dtarrtháil ar Lá Nua nó an dream a chuirfidh seirbhís ar fáil i ndiaidh imeacht Lá Nua.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta