Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Clár speisialta faoi Lá Nua ar Raidió Fáilte

eoghan @ 10:38

la-inniu.jpgTá tuairimí go leor agam faoi Lá Nua agus scéal a himeachta a fógraíodh ar maidin. Ach fad is go bhfuil mé ag plé leis an bhlag seo tá fosta ag obair ag Raidió Fáilte agus tá fiche cúram orm dá bharr. Mar sin fillfidh mé ar an cheist i ndiaidh dom a bheith ag cur i láthair clár ar Raidió Fáilte faoi Lá Nua agus an scéal is déanaí. Mar sin má tá teacht agat ar an idirlíon gabh isteach chuig www.raidiofailte.com agus thig leat éisteacht leis.
Idir an dá linn áfach tá fáilte ann roimh do thuairimí faoi scéal an lae inniu. Tá go leor leor daoine corraithe faoin cheist seo agus is éigean tréimhse plé a bheith ann le go dtiocfadh le daoine teacht ar aon tuairim faoin bhealach chun cinn. Agus caithfear bealach chun cinn a aimsiú nó níl pobal na Gaeilge láidir go leor le go dtiocfadh leo a bheith ar nós cuma liom faoi bhás nuachtán laethúil Gaeilge.
An bhfuil deireadh ráite faoi Lá Nua? Baol ar bith. Níl ach tús na cainte ann agus tús na gnímhe chomh maith tá súil as agam.
An mbeidh deireadh le Lá Nua i mí na Nollag? Faoin chruth atá anois ann - is dócha. Ach tiocfaidh rud ina dhiaidh nó ní rún don phobal Gaelach glacadh le cinneadh Fhoras na Gaeilge an ghá le nuachtán laethúil Gaeilge a chur chun báis.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>