Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Nuachtán laethúil Gaeilge - caibidil 2

eoghan @ 13:35

img_0929.JPGNi mór cúpla lá chun teacht ar thuiscint go bhfuil deireadh le teacht gan mhoill le Lá Nua agus cur chuige ceart a shocrú don am atá le teacht. Cúpla pointe gur fiú a chíoradh dar liom.
1- Tá an faire do Lá Nua thart, críochnaithe, finito. D’éirigh muid feargach agus frustrach ach tá deireadh le Lá Nua mar a bhí. Is gá tabhairt faoi bheartú chomharba Lá Nua anois. Is gá smaointe fiúntacha dearfacha chuige sin mar aon le daoine a bhfuil cumas iontu nó acmhainn acu. Daoine a thuigeann méid na coimitminte atá de dhíth chun go mbeadh seirbhís nuachta i nGaeilge ar fáil gach lá. Tá mé féin sásta, cinnte, ról a imirt ann, agus tá an blag seo ar fáil fosta. Ach níl imeacht uaidh ná go bhfuil gá le daoine óga maithe cumasacha a bhfuil coimitmint acu don chuspóir seo agus fuinnimh is am acu chun tabhairt faoi.
2- Is mó seans ná a mhalairt nach mbeidh deontas ar fáil ag an tús, is cuma cén togra a thiocfaidh i gcomharbacht Lá Nua. Ach gach seans go mbeidh aon togra nua ar scála níos lú ná mar a bhí Lá Nua. Caithfear a shocrú ar mhaith le daoine rud a bheadh ar-líne nó rud a bheadh clóite, agus caithfear socrú cé air a bhfuil an nuachtán dírithe agus cén ról a bheidh aige.
3- Bhainfeadh sé de mhisneach an phobail Gaelaigh dá mbeadh Fhoras na Gaeilge in ann Lá Nua a ligean chun báis agus mar sin ní mór do dhaoine iarracht ar leith a dhéanamh chun nach dtarlódh sin,. Agus chun cinntiú de nach gcuirtear amú an obair ollmhór a rinne daoine áirithe, ar bheagán thuarastal nó gan íocaíocht féin, chun an fiontar seo a choinneáil ag dul le 24 bliain.
4- Tá margadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge, margadh ar ghá a chruthú agus a fhorbairt agus a fhás lá i ndiaidh lae. Díreach mar ar ghá do gach nuachtán eile a dhéanamh. Cuireann an rialtas na milliúin ar fáil do RTÉ, TG4, R na G srl chun dul sa tóir ar éisteoirí agus féachóirí agus a margadh siúd, atá beag go leor i bhfírinne, a fhás. Ní bheidh sin ar fáil ag cibé dream a roghnaíonn tabhairt faoi chomharba Lá Nua a bhunú. Ach le díograis agus le daoine cumasacha i gceannas ann thiocfadh nuacht seirbhís laethúil i nGaeilge a chur ar fáil agus le himeacht ama an margadh don seirbhís sin a mhéadú.
5- Meon dearfach atá de dhíth. Cuir ruaig ar mheon agus ar an chur chuige gearánach a bhíonn chomh coitianta sin na saolta seo i measc cuid de lucht na Gaeilge. Smaointe agus moltaí dearfacha a thabharfaidh faill dúinn tosú anois ar chuid a Dó de scéal an nuachtán laethúil Gaeilge.

Nótaí Tráchta(10) »

  1. ( 1) an blag seo agus blaganna eile laethúil cosúil leo a chur ar "Lá" gach lá as seo go nollaig agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu go bhfeice muid cad é is féidir a chur ar líne agus crut nuacht shéirbhís air.
    (2) stáidéar féidireachta agus eacnamaíochta a fháil déanta go scioptha ar shéirbhís ar líne go bhféice muid an fiú cur isteach ar tháiriscint Fhoras Na Gaeilge. Is cinnte gur foireann "Lá" is eolaí ar nuacht shéirbhís laethúil ar líne a chuir ar fáil.Tugtar seans dóibh cur isteach air.Tá mise sásta suim airgid a chur síos le tús a chur leis an staidéar sin.An bhfuil moltaí praicticiúl ar bith eile amuigh ansin?

    Séamus Mac Seáin — 2008-10-24 - 14:23:21 GMT 0

  2. Mar a dúirt mé roimhe, tá mé ag obair ar sheirbhís nuachta ar líne a fhorbairt ar mhúnla breakingnews.ie. Tá dul chun cínn á dhéanamh agam ar seo. Sin an múnla is fearr dar liom agus ar na feidireachtaí trachtála a bhaineann leis, an seirbhís sin a dhíol le leitheidí RTÉ, Foras na Gaeilge, TG4 is eile chun go mbeadh 'ticker' le nuacht i nGaeilge ar a suíomhanna.
    Tá go leor iriseoirí agus abhar aistritheoirí a fhéadfadh cuidiú ach tá drogall agus leisce ormsa iarraidh ar dhaoine seirbhís a thabhairt saor in aisce nó nil an múnla sin inmharthanach. Beidh seirbhís ann ar feadh seal agus ansin, beidh sé imithe. Táimid ag maireachtaint sa ré iar dheonach....agus beidh gluaiseachtaí pobail is gluasieacht na Gaeilge thíos le sin. Má tá rath chun a bheith ar an seirbhís seo, agus creidim gur féidir go dtarlódh sé sin, beidh orainn é a bheith snásta agus dea chumtha. Agus mar sin beidh orainn daoine a fhostú ar thuarastail réasúnta chun dul ina mbun. Sin mar a fheicim é.
    Creidim gur ar líne amháin atá an todhchaí seo cé go gceapaim go bhfuil oscailt ann le h-aghaidh seirbhis iriseoireachta a fhéadfaí chur ar fáil ó áit ar bith sa tír chun leathnaigh Ghaeilge nó forlíontaí Ghaeilge a fhoilsiú i nuachtáin áitiúla fud fad na tíre, faoi mar a chuidigh mé an tseachtain seo le foilsiú iatáin Ghaeilge/Béarla san Evening Echo ar son Oireachtas na Gaeilge bheith i gCorcaigh. Cad faoi dul i dteagmháil le gach nuachtán áítiúil sa tír ag tairiscint seirbhís nuachta Ghaeilge doibh faoina gceantar féin agus an abhar sin a bheith ar fáil, ceartaithe, reidh le cló agus ar chostas réasúnta?
    D'fhéadfaí seo a thosnú i mBéal Feirste. An mbeadh an Andersonstown News sásta ioc as iriseoir amháin cothrom le ceithre leathnach Ghaeilge a chur ar fáíl uair sa tseachtain faoi shaol na Gaeilge sa chathair? Agus deontas a lorg as seo ón bhForas ar ndóígh nó céard a bheadh ar siúl ansin ach ag scaipeadh an Ghaeilge i measc pobal leitheoireachta níos leithne, ag normalú an teanga. Agus ansan an rud céanna leis an Newry Democrat, Dún Dealgan, Droichead Atha, Uaimh, Baile Atha Cliath (na gazettannaí atá ag an Irish Times).
    Imir an cluiche de reir a rialacha - ach bí cinnte go n-iocann siad go daor as sin agus go gcuidíonn sin linn ár mbun aidhmeanna a bhaint amach...

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-10-24 - 15:14:04 GMT 0

  3. Sárbhalg - sársmaoineamh.

    Glórach agus Gaelach — 2008-10-24 - 15:29:12 GMT 0

  4. http://gaelgannaire.blogspot.com/2008/10/scal-eisiach.html

    Baruileacha? Fior?

    Mo thuairim — 2008-10-26 - 14:14:56 GMT 0

  5. Chuala mé an scéal céanna Mo Thuairim ach b'ionadh liom é a bheith amhlaidh. Cluintear fiche scéal. Cibé faoi sin is éigean go mbeadh nuachtán laethúil ann beag beann ar cibé rud a thitfidh amach le FOINSE. Coinnigh aird ar an nuachtán laethúil - níl i nuachtán seachtainiúil ach seanscéal. Seirbhís idirlíon agus nuacht ann ar bhonn laethúil. Cé a dhéanfaidh é agus cad é mar a maoinfidh siad é? Tá mí abair agus píosa sula dtéid Lá as gnó. Bimís ag beartú agus ag obair.

    Lisa Nic Anna — 2008-10-26 - 15:49:22 GMT 0

  6. A chairde, is maith is cuimhin liom go mba ionadh dom go raibh Lá ann roimh dheontas a bheith ann. Cur chuige Ultach a thaitin liom. Bhí sé riamh de nós anseo, faraor, go mbeadh deontas ann agus tiocfadh nuachtán as. Mairfidh FOINSE chomh fada is a mhairfidh an deontas agus guím gach rath air nó is breá an nuachtán seachtainúil é. Ní folair do Lá dul ar aghaidh beag beann ar an deontas más gá go dtí go dtiocfaidh biseach ar chúrsaí thuaidh nó theas. Is mór an spreagadh dúinn sibh. Coinnigh oraibh.

    Bleáchliathach le Lá — 2008-10-26 - 16:15:57 GMT 0

  7. Bhí Lá ann roimh an deontas. Bhí Raidió Fáilte ann roimh an deontas. Bhí Nós ann roimh an deontas. Cibé dream a thugann faoi bhunú comharba Lá caithfidh siad glacadh leis nach mbeidh deontas ann ag an tús. Agus b’fhéidir nach dochar sin. Tá idir bhuntáistí agus míbhuntáistí le deontas do nuachtán. Agus b’fhéidir nach dochar seal a chaitheamh saor ó na srianta a leagann deontas agus spleachás ar Fhoras na Gaeilge ar nuachtán. Gach seans dá mbeadh seirbhís nuachta laethúil ar líne againn nach mbeadh an costas céanna leis agus a bhí leis an leagan clóite de Lá Nua. Agus thiocfaí teacht slán gan deontas. Ach luath nó mall caithfear dul ar ais chuig an Fhoras agus chuig DCAL, chuig rialtas na hÉireann agus chuig na húdaráis cuí cibé áit. Nó is linne an fhís ach is orthu atá an dualgas, dar leo féin, chun airgeadh cánach s’againne a chaitheamh ar rudaí a chuireann le leas an phobail. Ach tá gach rud ag brath orainne gan géilleadh don Fhoras ná do Gregory ná do na leathdhaoine nár chreid riamh in aon fhís ach fís an airgid.

    Lá i ndiaidh lae — 2008-10-27 - 08:27:08 GMT 0

  8. Tiocfaidh ár Lá

    tiocfaidh — 2008-10-27 - 08:59:03 GMT 0

  9. Tá sé uafásach go bhfuil Lá Nua le bheith druidte. Bhí sé mar chuid de shaol s'agamsa le 10 mbliana anuas. Thaithin sé liom é a léamh agus bhí sé iontach úsáideach agam agus mé ag cur i láthair clár ar Raidió Fáilte. Tá súil as agam go mbeidh duine nó dream éigin in ann é a tharrtháil nó go dtiocfadh dream eile isteach chun seirbhís den chaighdeán céanna a chur ar fáil ar bhonn laethúil. Focal deiridh - moladh mór don fhoireann - rinne siad jab iontach agus tá go fóill.

    marcas o cinneide — 2008-10-27 - 15:20:11 GMT 0

  10. suimiúil na moltaí atá ag Ciaran Dunbarr ar Lá Nua inniu. Níl a fhios agam an gá comharchumann a bhunú ach is ciallmhar ar fad gach rud eile atá molta. Ach an cheist atá ann - cé hiad na daoine seo a dhéanfaidh an beart de réir briathar?

    Glórach agus Gaelach — 2008-10-28 - 08:37:30 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>