Aithne bhlasta
Bhí mé istigh sa BBC i mBéal Feirste oíche Aoine seo thart le bheith páirteach i gclár a rinne comóradh ar 10 mbliana den sraith raidió BLAS.
Dhá bhliana go leith, trí bliana, a chaith mise ag obair ag BLAS agus is mór a chuir an taithí sin le mo dúil sa chraoltóireacht agus le mo scileanna cumarsaide. Agus thaitin sé go mór liom sna blianta sin a bheith mar dhuine de fhoireann iontach cumasach, spreagúil, cruthaitheach.
Ní raibh an chéad chlár de BLAS, a craoladh siar i 1998, cloiste agam riamh agus spreag sé cuimhní go leor a bheith ag éisteacht le mír ón chéad chlár sin oíche Aoine seo thart.
Roisín Ní Ceilleachair agus Antaine Ó Donnaile a chuir i láthair é agus cé gur threisigh is gur fhorbair is gur fhás an tsraith ó shin bhí ardchaighdean leagtha síos ar an chéad oíche sin.
Níorbh é an BBC an dream is fearr ó thaobh na Gaeilge na baol air ach in ainneoin sin d’éirigh le BLAS forbairt agus fás agus stádas a bhaint amach sa BBC ar aon dul le bunús mór na n-aonad eile taobh istigh den BBC sa tuaisceart.
A bhuí go mór mór do na daoine tallannacha a bhí chun tosaigh ann.
Orthu sin a bhí páirteach sa chlár comórtha bhí cuid de na hiarláithreoirí.
Liosta le háireamh iad sin a d’oibrigh seal fada nó gairid le BLAS nó atá ag obair ann i gcónaí. Orthu sin an file Paul Muldoon, an léachtóir Gearóid Stockman, an file Gearóid Mac Lochlainn, Cormac Ó hAdmhaill, Karen Kirby, Lynette Fay, Áine Walsh, (atá i gceannas ar an Chiste Craoltóireachta ó thuaidh) Brian Mullen, Fearghal Mag Uiginn, Tomaí Ó Conghaile, Maebh Ní Mhuirí, agus Áine Ní Bhroinn. Sílim mura bhfuil dul amú orm go raibh seal ag Seán Ó Coinn i mbun craolta ag BLAS chomh maith. Agus go leor eile a d’oibrigh mar láithreoirí nó ar léiriú / taighdiú, orthu sin Kate Mc Cann, Rosemhaire Nic Cionnaith, Diane Ní Mhaininn, Maryjane Smith, Niamh Nic Oistigín, Jacqueline Mc Cann (a bhíonn ag cur i láthair tuar na haimsire ar an BBC go minic na saolta seo)
Agus gan a lua iad sin a d’oibrigh ar na cláir a rinneadh i gcomhar le BLAS fiú féin mura raibh an lipead BLAS orthu in amanna, cláir Robbie Hannan san áireamh.
Liosta easnamach é an liosta thuas ach tá súil as agam go maithfidh iad sin nár luadh mé. Ceal ama chun machnamh agus taighdiú is cúis lena bheith fágtha ar lár. Mo leithscéal.
Agus bhí duine amháin a bhí ag croí na Gaeilge sa BBC le tamall fada anuas mar a bhí Ciarán Ó hEigeartaigh, a cailleadh bliain ó shin go cothrom an Chéadaoin bheag seo. Agus ní thiocfadh liom féin gan smaoineamh ar Aine Ní Dhocarthaigh as Doire a cailleadh anuraidh. Bean iontach, file is focal saoi le háireamh, cara iontach. Ar dheis Dé go raibh anam na díse.
Chuir BLAS seirbhís iontach ar fáil le 10 mbliana anuas agus tá mé cinnte de go méadóidh a thionchar is a lucht éisteachta sa 10 mbliana amach romhainn.
Agus ba dheas agam aithne bhlasta a chur air ón taobh istigh.
Sa ghrianghraf thuas feictear Fearghal Mac Uiginn agus Maryjane Smith ó fhoireann BLAS agus iad ag an Ostán Burlington i mBaile Átha Cliath do chluiche ceannais na peile anuraidh.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta