Nós ag an Oireachtas
Más mian leat síntiús a thogáil don iris Nós thig leat ceann a cheannach ar-líne anois ag http://www.nosmag.com/ Nó labhair le lucht a dhíolta nó beidh sé á díol go forleathan ag an Oireachtas i gCorcaigh níos deanaí an tseachtain seo.
Tá 100 síntiús faighte ag an iris go dtí seo agus iad dóchasach go dtig leo 300 a aimsiú agus teacht amach i bhfoirm clóite. Mar a léiríonn cás Lá tá sé tábhachtach go ndéanann daoine níos mó ná caint faoi thacú le foilseacháin i nGaeilge. Caithfear síntiús a thógáil agus airgead a chur ar fáil chun go mairfeadh na foilseacháin seo beo. Tá Nós ar an tsaol le roinnt míonna anois agus é ag déanamh go maith. Ach ní mór di fás agus sa deireadh thiar thall, gan deontas ar bith ón stát ná ón Fhoras, tá sé ag brath cuid mhór orainne. Thig leatsa do pháirt a imirt ann.


digg it
del.icio.us
Iontach ar fad. Bhí mé thall ag suíomh nós* ansin agus tá an t-eagrán is déanaí thuas - ag tnúth go mór mór le Corcaigh!
Seán Mac D — 2008-10-27 - 15:49:54 GMT 0