Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Salmond feasa

eoghan @ 10:42

insight-jul07-oa-holy2.gifIs é Alex Salmond a bheidh mar phríomhaoí ag na Gradaim Aislinge, duaiseanna a reáchtálann Grúpa Meán Bhéal Feirste gach bliain chun tallann is cumas is díograis phobal Bhéal Feirste a cheiliúradh. Is iontach an sceal é sin agus is amhlaidh is mó an tarraingt do dhaoine ar mhaith leo a bheith i láthair in Óstan an Europa ar 20 Samhain. Tá Martin Mc Guinnesss le bheith i láthair le Céad Aire Albain agus tá mé cinnte de go mbeidh plé iontach ag an bheirt faoin mhéid a bhain na hAlbanaigh amach lena tionól siúd agus a laghad is a bhain tionól Stormont amach cionn is nach bhfuil muinín ag na hAontachaithe iontu féin nó ina gcomharsanaigh. Tá Gradam na Gaeilge ar na gradaim eagsúla a aithnítear ar oíche na nGradam agus más suim leat duine nó grúpa a ainmniú don Ghradam sin thig dul isteach chuig an suíomh seo, http://www.belfastmedia.com/aisling/ Níl ach cúpla lá fágtha le go mbeadh na hainmiúcháin istigh mar sin, déan deifir. Tá a fhios agam go bhfuil daoine áirithe ag brú Breag go mór i mbliana agus chuala mé ainm Clára Nic Giolla luaite cúpla uair mar aon le Albert Fry agus Janet Muller. Ach fút atá sé - déan deifir.

Nótaí Tráchta(2) »

  1. agus "LÁ" ag druidim chun deirí dar liom nach bhfuil duine ar bith is mó a bhfuil gradam tuillte aicí ná ÁINE NIC GHEÁRÁILT a d'oibir gan sos gan staonadh leis an pháipéar ón chéad lá bunaíodh é agus atá go fóill ann.Bhí daoine a tháinig chuig an pháipéar a thug a seal agus d'imigh ach d'fán Áine an cúrsa.Mura a bhfaighe sise gradam ar a shon sin tá an saol seo rannta go héagcothrom

    Séamus Mac Seáin — 2008-10-27 - 11:51:09 GMT 0

  2. Agus rinne sí rud nár éirigh le mórán a dhéanamh - margadh do siopa leabhair a aimsiú agus an margadh sin a fhás. Gan tagairt don mhéid a rinne sí do go leor againn a bhíonn sa Chultúrlann. Moladh iontach.

    liam — 2008-10-27 - 13:06:35 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>