Ba cheart do lucht Nós tabhairt faoi nuachtán laethúil
Thagair post ó 'Glórach is Gaelach' d'alt le Ciarán Dunbarr ar Lá Nua ar maidin. Ar na rudaí a mholtar san alt sintá an méid , plean B anois go bhfuil Lá Nua ar an dé deiridh, tá an méid seo a leanas,
1 Comharchumann a bhunú
2. Suíomh idirlín a bhunú.
3. Painéal scríbhneoirí éagsúla a chur le chéile
4. Ábhar a chur ar an suíomh i rith an ama - caithfear níos mó ná blag a bheith i gceist
5. Traenáil idirlín agus leagan amach páipéar a chur ar fail
6. ‘Rota’ a chur le chéile fá choinne leagan pdf. a dhéanamh den pháipéar ar bhonn seachtainiúil.
8. Bunachar sonraí a chur le chéile agus an páipéar a sheoladh chuig daoine fríd an rphost.
Tá roinnt moltaí eile déanta ag Ciarán a bhaineann le fógraíocht agus le leagan amach pháipéir nua. Moltaí stuama a bheidh ag croí aon phlé maidir le comharba Lá Nua.
Tá an plé tosaithe.
Chun mo chuid féin a chur leis an phlé mholfainn do na daoine atá ag cur Nós ar fáil smaoineamh ar thabhairt faoi nuachtán laethúil Gaeilge a chur ar fáil agus an t-ábhar atá ag Nós a bheith mar chuid d'ábhar an nuachtáin sin.
Tá go leor le hoibriú amach faoi shocmhainní Lá Nua agus dá réir agus níl gach rud soiléir go fóill.
Ach seo an t-am chun fáil amach cé a bheadh in ann nó a bheadh suim acu oibriú le, tacú le, ceannacht, nuachtán laethúil dá dtiocfadh a leithéid i gcomharbacht Lá Nua.
Agus ní lucht Nos amháin a bheadh i gceist le nuachtán laethúil nua nó seirbhís laethúil nua a chur ar fáil.
Cinnte le Dia go mbeadh sé fiche oiread níos deacra nuachtán laethúil a chur ar fáil (ar-líne nó clóite / ar-líne agus clóite) ná iris ghleoite a chur ar fáil.
Ach is mó i bhfad a rachaidh sé chun leas saol na Gaeilge, is mó i bhfad an cheannasaíocht don ghlúin seo Gaeil, go mbeadh nuachtán laethúil Gaeilge ann ná iris eile, dá gleoite í.


digg it
del.icio.us
Dúirt sé cuid mhór eile san ‘alt’ fosta.
An mbeadh mórán Gaeilgeoirí ar aon fhocal le tuairimí den chineál sin?
fiosrach — 2008-10-28 - 10:38:36 GMT 0
Dúirt Ciarán Dunbarr cuid mhór ina alt,ach cad é faoin mhéid a dúirt sé faoi nuachtán laethúil? Is maith is eol dúinn ar fad a chontúirtí is atá sé brath ar dheontais amháin - agus dála an scéil ní raibh Lá Nua ag brath ar dheontas Fhoras na Gaeilge amháin. Bhí siad ag saothrú airgead fógraíochta is méid áirithe ón díolachán. Ní 'andúilach deontais' a bhí i Lá Nua - a mhalairt. Bunaíodh an nuachtán roimh dheontas agus ní bhfuair sé riamh oiread agus a bhfuair Foinse ar bhonn bliaintiúil. Agus ar ndóigh ar éigean go bhfuair siad fógra ó rialtas na 26 Chontae is a ranna stáit. Gan trácht ar rialtas na 6 Chontae. Mar sin ní fiú a bheith ag mionscrúdú cás Lá Nua agus tionchar an deontais. Is maith liom an moladh atá ag Ciarán faoi mheon an oibrí dheonach a thabhairt ar ais i ngluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh. Is mór atá sé in easnamh. Tá Raidió Fáilte ina eisimléir is cosúil den mheon sin agus seans gur fiú múnla mar é a bheith ann do nuachtán / seirbhis nuachta laethúil nua. Ach níl imeacht ón phointe - caithfidh duine nó grúpa an chéad bhogadh a dhéanamh. Agus tá mé ar aon intinn le hEoghan. Tá Nós ag déanamh obair den saghas céanna. Tá siad ag bailiú mogallra nua de dhaoine, ag cur ábhar ar fáil go rialta, ag díol agus ag leagan amach. B'fhiú dóibh smaoineamh ar dhul sa treo seo le nuachtán laethúil i gcomhar le daoine is grúpaí eile.
Glórach agus Gaelach — 2008-10-28 - 11:01:24 GMT 0
"Is maith liom an moladh atá ag Ciarán faoi mheon an oibrí dheonach a thabhairt ar ais i ngluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh. Is mór atá sé in easnamh. Tá Raidió Fáilte ina eisimléir is cosúil den mheon sin agus seans gur fiú múnla mar é a bheith ann do nuachtán / seirbhis nuachta laethúil nua."
Tá an ceart go hiomlán ag Glórach agus Gaelach, faoin mheon na noibrí dheonach i saol na Gaeilge.
Bhí fiúntas ar leith leis na daoine sin a rinne rud ar son na cúise seachas ar son na bpingineacha, agus cá bhfios sa lá atá inniu ann agus an eacnamaíocht ag imeacht go hIfreann i gciseán, nach mbeadh níos mó daoine agus níos mó fáill acu dul i mbun na hoibre seo?
Léitheoir laethiúl — 2008-10-28 - 11:09:42 GMT 0
Tá oibrithe deonacha de dhíth ach ní féidir le daoine bheith beo air sin amháin. Aontaím go bhfuil cur chuige gairimiúil léirithe ag lucht nós* go dtí seo agus go bhfuil an chuma ar an dream sin go mbeadh siad in ann tabhairt faoi nuacht laethúil. Níl mé cinnte an fiú bheith ag caint ar nuachtán áfach - seans go mbeadh seirbhís idirlín ní b'éifeachtaí ó thaobh costais agus eile.
Ní mór do dhaoine leasmhara theacht le chéile go luath.
RG Cuan — 2008-10-28 - 11:56:33 GMT 0
Ach an bhfuil aon rian de fhuinneamh fágtha iontu siúd atá ag streachailt le Lá Nua go béal na huaighe, agus go leor le déanamh acu an pháipéar a choinneáil 'beo' go lár mí na Nollag?
Léitheoir laethiúl — 2008-10-28 - 13:01:45 GMT 0
Buíochas do Dhia - daoine ag caint faoi obair dheonach agus gan duine ar bith ag maíomh nach bhfuil éinne ann a oibríonn go deonach! Tá, agus cuid mhór acu.
Maighread Ni Mhairtín a dhreachtaigh tuarascáil anuraidh ag tarraingt airde ar an oiread sin daoine sa sochaí seo atá ag obair go deonach. Ón CLG is Comhaltas Ceoltóirí do dhaoine a oibríonn i gcumainn óige, lucht Greenpeace is lucht comhshaoil, agus eile agus eile.
Luaíodh Raidió Fáilte cheana féin. Ach ní féidir le Lá Nua nó a comharba maireachtáil ar deathoil agus ar oibrithe deonacha amháin.
Is gá croífhoireann a bheith ann agus cuid acu sin á n-íoc. Tarlaíonn sin i go leor eagrais. Caithfidh athrú meoin a bheith ann má tá comharba le bheith ag Lá. Caithfear glacadh leis go mbeidh oibrithe deonacha mar chuid lárnach de leagan amach nua.
Lisa Nic Anna — 2008-10-28 - 13:26:42 GMT 0
Tá rudaí fiúntacha le sonrú ar Lá Nua, lá i ndiaidh lae ag daoine i mBaile Locha Riach, i ngaoth Dobhair, i mBéal Feirste agus in áiteanna eile ar fud na tire, daoine atá ag obair go deonach nó ar phingineacha le rudaí fiúntacha a dhéanamh dona pobail
Léitheoir laethiúl — 2008-10-28 - 14:01:52 GMT 0
agus go bhfios dom tá leithidí Ciarán Dunbar, Ciarán Ó Pronntaigh, Pádraig Ó Baoill agus tú féin Eoghain ag soláthar ábhar don pháipéar seo, as bhur stuam féin, ag baint cuid den uallach den fhoireann.
maith sibh
Léitheoir laethiúl — 2008-10-28 - 14:03:18 GMT 0
Bhí an Dúnbarrach ar clár Rónáin Mhic Aoidh Bhuí inné ag caint faoin alt.
Freagra — 2008-10-29 - 10:16:57 GMT 0
Thig linn labhairt agus labhairt. Ach am éigin caithfidh Ciarán Dunbarr nó Eoghan Ó Néill nó duine ar bith eile againn a lámh a chur in airde agus a rá, am gnímhe anois, agus é a dhéanamh. Mo chomhairle féin ar an rud, caithfidh duine nó beirt a bheith fostaithe go lán-aimseartha ar aon togra nua - ní mharifidh sé gan croífhoireann nó duine amháin ar a laghad a bheith fostaithe lena dhéanamh. Caithfidh sé a bheith lonnaithe go príomhá i mBéal Feirste. Caithfidh sé dul i gcló, fiú ar scála cúpla céad eagrán, mar aon le bheith ar líne. Agus caithfidh rudai a bheith réidh le tosú roimh imeacht Lá Nua.
Lisa Nic Anna — 2008-10-29 - 10:57:05 GMT 0