Caoimhín Bréagach ag nochtú na fírinne
Bhí picéad ann i mBéal Feirste ar maidin nuair a tosaíodh ag éisteacht cás cúirte le Caoimhín Mac Giolla Catháin, príomhcheoltóir Bréag. Tá Caoimhín ag iarraidh a aisghairm Acht Riartha an Cheartais, Teangacha, 1737, le fada an lá ag cosc úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. Tá súil as agam go mbeidh toradh ar an fheachtas seo agusa r chás Chaoimhín. Tá go leor saineolaithe teanga le fianaise a thabhairt sa chás, orthu sin an stairí Eamonn Phoenix a labhair ar Talkback an BBC inniu ag moladh go ndéanfaí an dlí seo a aisghairm. Ar ndóigh is maith is eol dom féin faoin dlí seo nó i bhfad siar in 1986-87 bhí mé féin agus Gearóid Ó Cairealláin os comhair cúirte as a bheith ag peinteáil manaí as Gaeilge, 'Saortar Ó Mianainn' agus 'Cearta Gael anois.' Labhair muid i nGaeilge sa chúirt agus bhí an t-ádh nó an mí-ádh orainn go raibh Gaeilge éigin ag an breitheamh agus teach saoire aige i nGaoth Dobhair lena chois. Agus briseadh ar na rialacha cúirte, gach seans, nuair a fostaíodh AJ Hughes mar fhear teanga ag Breandán Ó Fiaich nuair a tugadh eisean os comhair cúirte as .... a ainm a thabhairt i nGaeilge.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta