Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Cothromas na sceimhle

eoghan @ 10:46

iaf.jpgIs iontach mar atá arm Mheiriceá anois ag úsáid cleachtas san Iaráic agus sa Phacastáin a thosaigh na hIosraelaigh agus iad ag sleachtú Palaistínigh. D'ionsaigh trúpaí Mheiriceá tithe ar thaobh Siria den teorainn idir an Iaráic agus Siria an lá faoi dheireadh. Is eol go cinnte gur mharaigh siad ceathrar páiste agus ceathrar sibhialtach eile. Dar le foinsí gan ainm de chuid rialtas Mheiriceá mharaigh siad duine orthu sin atá chun tosaigh i gcuidiú le trodairí al Qaeda dul isteach san Iaráic. Má tá na Meiriceánaigh chomh cinnte faoi sin ba cheart dóibh teacht amach agus a fhógairt. Cad chuige 'foinsí gan ainm.' Le go dtiocfadh leo an scéal a shéanadh ar ball má thagann fianaise amach a bhréagnaíonn é. Chuaigh na Meiriceánaigh thar teorainn idirnáisiúnta agus mharaigh ar a laghad ochtar sibhialtach. Sceimhle a thugtar air sin. Cuimhnigh air go bhfuil Meiriceá go rialta ag seoladh eitleáin gan piolota isteach sa Phacastáin agus ag ionsaí targaidí ansin. D'éirigh leo trodairí al Qaeda a mharú in amanna ach d'éirigh leo beagnach 100 sibhialtach a mharú chomh maith. Ach ní luann an Pentagon iad sin. Agus i rith an ama luann siad go bhfuil meas acu ar 'sovereignty' na Pacastáine! Ar ndóigh is iad aerfhórsa is arm Iosrael a leag síos an cló, an template, do sceimhle den saghas sin. 'Cothromas na sceimhle' mar a thug siad air. Ba chuma gur sibhialtaigh iad na céadta duine a mharaigh siad agus iad ag iarraidh baill de Hamas is Fatah a mharú - ní raibh iontu ar fad ach Palaistínigh! Agus bíodh Mc Cain nó Obama sa Teach Bán leanfaidh Meiriceá ag maoiniú Iosrael le go dtiocfadh leo modhanna sceimhle nua a fhorbairt is a fhorasú sna Tíortha Gafa le go dtiocfadh le Meiriceá iad a thastáil ar ball beag sa chéad fronta eile 'i gcoinne na sceimhle.' Sa ghrianghraf thuas eitleáin cogaidh Iosrael a mharaigh na céadta sibhialtach ina gcuid ionsaithe ar na Tíortha Gafa le roinnt blianta anuas.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>