A Brand new scannal
Tá scannal ag baint le Jonathan Ross - agus ní hé amháin an 'jóc' suarach a d'imir sé féin is Russell Brand ar Andrew Sachs.
Tá Jonathan Ross ar chonradh trí bliana ar luach £18m. Sea, £18m. Dá mbeadh baincéir nó ceannasaí ar chomhlacht ola ar an tuarastal sin bheadh daoine le daoraí faoi. Ach tá Jonathan Ross ag saothrú oiread i mbliana agus a shaothródh cúpla míle duine againne lenár saol oibre ar fad. As cláir teilifíse is raidió a chur ar fáil. Agus ar eagla na míthuisceána is é airgead poiblí a mhaoiníonn é, iad sin a íocann as ceadúnas teilifíse. Sin scannal.
Maidir leis an chuid eile de, déanann daoine meancógaí agus b'fhéidir gur fiú amharc ar an rud a rinne siad sa chomhtheacs sin. Ach uaireanta bíonn an te atá ar airgead mór sotalach agus thar a bheith sotalach. Agus cén seans go raibh Jonathan agus Russell díreach rud beag bogasach agus lán díofa féin? Gach seans.
Ba chuma liom an bheirt acu báta agus bóthar a fháil. Ní shilfidh mise deoir do thoicithe mar iad a bheith á mbriseadh.
Cén dochar do Ross a shaothraigh na milliún ó airgead ceadúnais s'agatsa go dtí seo (má tá cónaí ort faoi smacht na Breataine go fóill) Nó do Russell Brand ar bhreá leis P45 an BBC a chur le P45 MTV agus cúpla dream eile agus maíomh as gur bhris an BBC é cionn is go raibh sé ró'daring.'
Agus ar £200,000 as gach clár raidió a dhéanann sé níl Russell i ndiaidh déanamh go dona as a sheal leis an Beeb.
Mas mian leat scannal a aimsiú ansin, mar a deir siad sa Bhéarla, follow the money. Agus tá an méid a íocann an BBC le láithreoirí scannalach. Lán stad.
Is é a dtuarastal agus a sotal a chuireann as domsa. Agus an dóigh a thugann na meáin 'nuacht' ar scéal mar seo.
Tá daoine á gciceáil amach as a dtithe mar thoradh ar shantacht bhaincéirí a chuir amú na gcéadta milliún punt agus nach dtabharfar os comhair cúirte go deo gan trácht ar lá a chaitheamh faoi ghlas.
Ach ní nuacht sin!


digg it
del.icio.us
An bhfuil aon fhirinne go bhfuil Russell Brand and Jona i ndiaidh conradh a shíniú le Raidió Fáilte? Na Giollaí Deacra nua?
Giollaí Deacra Nua — 2008-10-29 - 15:46:59 GMT 0
cloisim go bhfuil siad beirt curtha ar fionnraidh ón BBC go dti go mbeidh fiosruchán déanta
Léitheoir laethiúl — 2008-10-29 - 16:44:29 GMT 0
An jóc is fearr ná go mbeidh sibhse, na daoine sin a íocann an ceadúnas BBC, ag íoc as pá na díse seo agus iad ar fionraí, as aon airgead iomárca má bhíonn siad le briseadh, agus as fineáil ar bith a ghearrtar ag Ofcom orthu. Bhí an ceart ag Conchúr Ó Liatháin gan an rud a íoc mar gheall ar a neamart ar an Ghaeilge. Dála an scéil, is maith liom an focal jóc.
Jóc ceart — 2008-10-29 - 18:09:11 GMT 0