An ghá agóid a bheith ann Dé Domhnaigh?
Shocraigh Roinn Cosanta na Breataine, faoi bhrú nó ar chomhairle na nAontachtaithe, 'coat trailing exercise' a dhéanamh de mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste Dé Domhnaigh. Thig le hAontachtaithe agus le cléir Protastúnach seinm ó seo go Lá Sheoin Dic nach bhfuil ar intinn ag lucht eagraithe na hócáide ach fáiltiú ar ais ar bhealach ciúin beasach roimh a ngaolta. Ach i bhfírinne is faill é seo ag aontachtaithe a dhearbhú don domhan, agus go háirithe do náisiúnaigh, go seasann Béal Feirste fós leis an Impireacht. Go dtacaíonn Béal Feirste le 'traidisiún na seirbhíse míleata' agus míleatachas na Breataine.
Sin lóm chnámh na fírinne agus is cuma cén léamh a dhéanann tráchtairí éagsúla ar an mhórshiúil seo is iarracht é chun an leathchuid den phobal i mBéal Feirste a chaith 25 bliain faoi chois ag arm na Breataine a chur ar ais 'ina n-áit.'
Níl aon dabht faoin a eagóraí is atá cinneadh seo na nAontachtaithe agus Roinn Chosanta na Breataine.
Ach tá mé míchompordach leis an socrú atá déanta ag Sinn Féin chun agóid a reachtáil ar an lá céanna, ar an láthair céanna. Agus ní léir dom cén straitéis atá leis an agóidíocht Dé Domhnaigh ar chor ar bith.
Mar a luaigh mé roimhe seo dar liom go raibh ciall le moladh an Andersonstown News go mba cheart agóid a reáchtáil ar lá eile agus scaifte ollmhór a thabhairt amach chun aird na meán agus an phobail a choinneáil ar ról náireach arm na Breataine san Iaráic, san Afganastáin agus in áiteanna eile.
Trí bheith ag beartú agóide ar an lá céanna tá poblachtaigh ag cur iad féin ar shlí na caismirte le haontachtaithe agus le dílseoirí i mBéal Feirste ag am agus ar bhealach nár mhaith leo a dhéanamh. Tháinig mé síos Bóthar na Seanchille ar maidin agus i Woodvale tá go leor bratacha in airde, 'Support our troops.'
Beidh an pobal aontachtach níos corraithe faoin cheist seo anois ná mar a bheadh mura raibh agóid mhór le bheith ag Sinn Féin agus gach seans go mbeidh na mílte acu amuigh Dé Domhnaigh mar fhreagra ar Shinn Féin agus a gcur i gcoinne na mairseála.
Ba mhaith liom creidbheal go bhfuil an cinneadh atá déanta ag Sinn Féin le dul ar aghaidh leis an mhórshiúil seo mar chuid de straitéis agus nach aisfhreagra tobann é ar ghrúpaí poblachtacha nach n-aontaíonn le Sinn Féin a bheith ag beartú agóide dá gcuid féin. Beidh le feiceáil.
Níl dul siar anois ann, mura socraíonn Roinn Chosanta na Breataine ar bhaint den teannas trí bheith ag cur ar ceal 'fly over' aerfhórsa na Breataine agus maolú ar chuid de na himeachtaí a bheidh ann.
Tá súil as agam go mbeidh lá gan trioblóid ann agus go mbeidh Poblachtaigh níos cruthaitheacha agus níos seiftiúla amach anseo agus iad ag smaoineamh ar bhealaí chun cur i gcoinne éagóra.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta