Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

An Droichead Mór

eoghan @ 13:46

scoil.jpgNí stopann siad. Tá an Droichead ag brú agus ag brostú chun cinn i rith an ama. Tá an scoil agus ionad pobail ar Bhóthar Ormeau agus is é an t-aon Ghaelscoil amháin i ndeisceart/oirthear Bhéal Feirste.
Osclóidh Scoil an Droichid, dhá sheomra ranga nua ar 3 Samhain chun riar ar an ardú atá ag teacht i gcónaí ar lion na ndalataí ann.
Ó osclaíodh é i 1996 tá an scoil ag fás agus ag forbairt agus líon na ndaltaí ag méadú ann. Ar na mallaibh thug an Roinn Oideachais aitheantas don réamhscoil ag An Droichead agus ní fada go mbeidh an mhórscoil ar liosta feithimh d’fhoirgneamh buan. Is é Tom Hartley, Ard Mhéara Bhéal Feirste, a dhéanfaidh na seomraí ranga agus cuirfidh sé fáilte é féin roimh na daltaí nua Dé Luain.
Arsa Caoimhe Ní Scolláin, duine de na múinteoirí ann, go bhfuil lúcháir uirthi go bhfuil na seomraí ranga nua, do rang 3-4-5 ann.
‘Is breá liom iad’ ar sise. ‘Is iontach an dul chun cinn dúinn go bhfuil seomraí geala móra fairsing nua aimseartha mar seo again. Agus cinnte beidh lúcháir agus iontas ar na daltaí nuair a fheicfidh siad iad.’ Bhí lámh ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta san fheachtas chun na seomraí ranga a fháil agus chuir Pilib Ó Ruanaí, ceannasaí an Iontaobhais, in iúl go léiríonn an fhorbairt seo go bhfuil rath ar an scoil. ‘Tá an t-éileamh ar áiteanna sa scoil seo ag méadú i rith an ama’ ar seisean. ‘Agus tá sin amhlaidh cionn is go bhfuil an scoil ag soláthar oideachas maith, go bhfuil caighdeán ard ag baint le gach gné den obair, go bhfuil na daltaí sona agus go bhfuil tuismitheoirí sásta leis an scoil. Agus ar ndóigh tuigeann na tuismitheoirí go mbeidh luach breise ar an Ghaeloideachas cionn is go mbeidh dá theanga ag an phaiste ag aois óg.’

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>