Faugh an Ballagh

Gach seans go mbeidh placardaí Gaeilge á n-iompar ag lucht Shinn Féin agus iad ag agoid i mBéal Feirste Dé Domhnaigh agus an UDR/RIR ag mairseáil tríd lár an bhaile ann.
Ach an rud nár eol do go leor ná go mbeidh an RIR ag iompar mana as Gaeilge os a gcomhair amach fosta.
'Faugh A Ballagh' an mana atá agn RIR go hoifigiúil, mí-litriú ar an Ghaeilge atá ann 'Fág an Bealach',agus duine ar bith atá sean go leor le cuimhneamh ar na fógraí earcaíochta a bhí acu roinnt blianta ó shin beidh cuimhne acu gur bhain siad úsáid as ceol de chuid Horslips san fhógra sin.
Tá an mana ar bhratacha atá crochta ar Bhóthar na Seanchille le cúpla lá anuas bratacha a thacíonn le filleadh an RIR.
Tá stair fhada ag an mhana céanna. Luaítear é ar dtús leis an Sairsint Patrick Masterson a throid ag Cath Barossa in 1811.
Ach tarraingíodh aird i gceart air nuair a bhí sé mar mhana ag an Fighting '69, cathalann Éireannach a throid i gCogadh na gCarad i Meiriceá. .
Bhí Fág an Bealach mar mhana ag na Fíníní faoi cheannas John Ó Néill nuair a throid siad le trúpaí ag Fort Erie ar 2 Meitheamh 1866. Aisteach go leor thóg na Fíníní bratach ar an lá sin agus na litreacha IRA, Irish Republican Army scríofa air.
Bhí Faugh an Ballagh mar mhana ag cathlann Éireannach san Astráil a throid sa chéad chogadh domhanda agus tá bóthar dárbh ainm Faugh an Ballagh san Astráil. Agus bhí go leor náisiúnaigh in Éirinn a bhain úsáid as an mhana fosta. Mura bhfuil dul amú orm tá foireann CLG dárbh ainm Faugh an Ballagh. Agus is cinnte gur Faugh an Bhallagh a bhí ar an chéad fhoireann iomána san Iúr, a bunaíodh i 1903. Gan trácht ar each rásaíochta clúiteach de chuid na hÉireann sa 19ú aois.
Agus dá réir.
Ach anois, creid é nó ná creid, tá séá úsáid mar mhana ag an RIR. Agus is abairt amháin Ghaeilge atá in úsáid go forleathan ag dílseoirí na Seanchille.
Ní amháin ar a mbratacha ag fáiltiú ar ais roimh an RIR ach i bhfógraí cuimhhneacháin is báis ar an Shankill Mirror.
Cá fios, seans go dtosóidh Gregory Campbell ag úsáid an cúpla abairt Gaeilge sin atá in úsáid ag dílseoirí na Seanchille na saolta seo, Fág an Bealach atá ar mhúrphictiúr ar Bhóthar na Seanchille,, Lámh Dearg Abú atá ar na bratacha.
Nó an mbeidh Gregory is a mhacasamhail ag briseadh na gcos chun a ghlanadh ó Bhóthar na Seanchille agus ó cheantair dílseora eile
na focail 'bhagarthach mhaslach' seo i nGaeilge na bhFíníní? Grianghrafanna, thuas ar chlé, bratach de chuid an Emerald Guard in Alabama, trúpaí de shliocht na hÉireann a throid leis an Confederacy i gCogadh na gCarad i Meiriceá ,, in uachtar ar dheis, leabhar amhrán faoin Fighting '69th, ar dheis, an RIR in Ard Eoin, am na n-ionsaithe ar pháistí ag Scoil na Croise Naofa.


digg it
del.icio.us
Faoi láthair tá dílseoiri ag bailiú le chéile ag trí nó ceithre áit i mBéal Feirste chun triall ar lár an bhaile. Beidh an RIR ag tosú i lár an bhaile. Beidh agóid ag Sinn Féin i lár an bhaile. Tá na hainriailaithe, na anarchists, ag reachtáil agóid ag Tesco i lár an bhaile. Tá Éirigí agus dá réir ag tosú ar a n-agóid siúd ó Thúr Duibhise, faoi scread asail de lár an bhaile. Agus níl ansin ach na cinn is eol dom. Cén uair a thuigfidh na daoine seo ar fad gurb é jabanna agus tithíocht is seirbhísaí cúram leanaí is cás na ndaoine gan fostaíocht an fíor clár oibre anseo. Ach nuair a fhógrítea mórshiúil faoi sin, arae, níl suim ag na dílseoirí, na héirigithe nó na fág an balaigh ann. 'Same as it ever was' mar a dúradh in amhrán tráth.
Same as it ever Was — 2008-10-30 - 16:11:42 GMT 0
Dúirt duine as an Afraic Theas go raibh an mana chéana acu ina reisimint san arm, nuair a bhí sé sna saighdiúirí dhá fhichead bliain ó shoin. Comhréiteach idir béarla is Afraiceánis, b'fhéidir. An fear bocht. Dúirt sé nach raibh fhios ag éinne cad ba bhrí leis
Fearn — 2008-10-30 - 16:16:39 GMT 0
Leprachuan language ar Bhóthar na Seanchille - cad atá le rá ag Somhairle, Sammy Wilson faoi sin?
Leiprachan — 2008-10-30 - 17:04:04 GMT 0
Maidin Dé Luain dúiseoidh dream na hagóide agus lucht mairseála dílseora agus rachaidh siad amach, chomh bocht is a bhí siad an lá roimhe, agus ag mothú níos fearr gur chuir siad crua ar an dream eile. Ní neart go cur le chéile. Na boic móra an namhad, ní daoine bochta sa champa eile.
Ní neart .... — 2008-10-31 - 08:05:48 GMT 0
Ach nuair a fhógrítea mórshiúil faoi sin, arae, níl suim ag na dílseoirí, na héirigithe nó na fág an balaigh ann.
Nach bhfuil saol an mhadaidh bháin ag páistí agus dalldramáin, mar a deirtear.
Ciarán — 2008-11-01 - 12:22:55 GMT 0
Níl Sinn Féin sásta ligean do shaighdiúirí na Breataine mairseáil tríd lar an bhaile ar an Domhnach seo. Ach maith go leor, lig siad bdóibh mairseáil i mBaile Meannach aréir gan chur isteach agus i Lath Arna inniu gan agóid. Chuir Tom Hartley agus Alex Maskey blathfhleasc síos i gcuimhne ar a gcuid trúpaí ag ócáidí éagsúla. Ní mé cinnte cén seasamh atá ag Poblachtaigh faoi thrúpaí na Breataine, beo is marbh. Ach is eol dom rud amháin. Ba thubaiste an rud seo uilig faoi mhairseáil an RIR don iarracht a bhí ar bun ag náisiúnaigh is poblachtaigh an teannas a bhaint dá gcaidreamh leis an phobal aontachtach / dílseach. Thig an locht a chur ar an DUP is an UUP a bhrúigh an rud seo ar dtús (agus nuachtáin ar nos an News Letter). Ach tá dochar mór déanta do na hiarrachtaí seo agus tá an t-aer toxic arís i bpolaitíocht Bhéal Feirste.
ruaille buaille — 2008-11-01 - 15:16:25 GMT 0