Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Rabhadh ón Fhoras

eoghan @ 10:08

Litir a seoladh chuig go leor grúpaí Gaelacha thuaidh is theas an tseachtain seo.

A chara,
Is mian liom a chur in iúl duit go mbeidh toradh an phróisis mheasúnaithe ar iarratas d'eagraíochta ar bhunmhaoiniú 2009 ar fáil i mí na Nollag.
An príomhchúis leis an athrú seo ná an chomhthéacs nua buiséid ina bhfuil muid ar fad ag feidhmiú. Tá sé níos measa arís ná mar a cuireadh in iúl daoibh ag tús na bliana agus is gá, ar an ngnáthbhealach, seo a chur san áireamh agus muid ag pleanáil do 2009.
le gach dea - ghuí
Éamonn Ó hArgáin

Nótaí Tráchta - 1 »

  1. Is ait an scéal é sin nó NIL AON LAGHDU ar bhuiséad an Fhorais don bhlian seo chugainn, de reir na meastúcháin a fhoilsíodh ar lá na cainaisnéise ó dheas. Anuas ar sin ní bheidh ar an bhForas a thuilleadh airgead a chaitheamh ar an dílarú. Mar sin tá sé dothuigthe go bhfuil an litir seo ag teacht amach.
    An deacracht, ar ndóigh, nach féidir na ceisteanna seo a fhiosrú mar go bhfuil cúntais an Fhorais ina rún daingean. Nior fhoilsíodh cúntais idir 2004-7.
    Is é seo arís an Fhoras ag cur ina luí ar eagrais atá ag obair ar an talamh - murab ionann agus an Fhoras - go bhfuil an t-airgead acu agus go mbeidh orthu bheith múinte agus déanamh mar a deirtear leo....
    Cá bhfuil na h-ionadaithe ar Bhord an Fhorais a sheasfaidh in éadan an mhaistíneacht seo?

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-10-30 - 11:24:10 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>