Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

$5 billiún chun fear gorm a chur isteach sa Teach Bán

eoghan @ 10:16

obamamos0202_468x365.jpgMá tá duine ar bith ag iarraidh a fháil amach cén dóigh is fearr chun feachtas toghcháin a reachtáil beidh siad ag breathnú ar fheachtas Obama. Feachtas den chéad scoth. An dóigh ar bhain sé tairbhe as an idirlíon chun airgead a thógáil agus chun oibrithe a mhealladh agus a eagrú. An dóigh a sheachain sé na briatharcathanna maslacha a bhí Mc Cain agus roimhe sin, Hillary Clinton, ag iarraidh cur ag dul. D'fhan sé siar ó na maslaí pearsanta, rud a chuir lena híomhá go mór. An dóigh a rinne sé iarracht daoine ar nós Colin Powell a mhealladh chuig a taobhse, daoine a bheadh, de ghnách sa champa eile. Agus an dóigh ar éirigh leis an fheachtas a cheimniú le go mbeadh buaicphointe an fheachtais ann ag an am ceart - sna laethanta deireanach. Amharc an fógra teilifíse a bhí aige Dé Céadaoine, díreach roimh na cluichí NFL. Agus sin ar seacht mogallra mór teilifíse. Rud nach ndearna aon iarrthóir eile o bhí JFK ann. Agus cén uair a shocraigh sé athmhuintearas a dhéanamh le Bill Clinton? An tseachtain seo. Le go mairfeadh an t-íomhá sin de Obama agus a chomhairleoir/cara Bill i meon na vótóirí. Ach bhí an t-ádh ar Obama. Bhí an t-ádh dearg air go deachaigh an geilleagar i Meiriceá béal faoi agus go bhfuil Meiriceánaigh dá bharr ag cur locht ar na Poblachtaigh agus ar Mc Cain. Bhí an t-ádh air gur roghnaigh na Poblachtaigh Sarah Palin. Shíl mé féin gur seift iontach a bhí ag na Poblachtaigh ag an am ach is léir gur amadán í a bhaineann de gravitas Mc Cain. Agus is duine í nach bhfuil ina iarrthóir mhaith ar go leor leor bealaí.
Ach dá iontaí é go bhfuil fear dubh ar tí a bheith ina Uachtarán ar Mheiriceá den chéad uair (mura ndéanann sé meancóg mhór idir seo agus an Mháirt seo chugainn) caithfear a rá gur samhnasach is deistíneach agus ina mhasla ag bochtáin an domhain go bhfuil Mc Cain is Obama i ndiaidh breis agus $5 billiún (sea billiún) a chaitheamh ar thoghchán. Nach mór an difear a dhéanfadh $5 billiún don Aetóip?

Nótaí Tráchta(3) »

  1. Nach mór an difear a dhéanfadh $5 billiún don Aetóip?

    An bhfuil tú ag magadh fúinn? Nach bhfuil fhios agat go bhfuil caimiléirí Aetóipeacha ann mar atá caimiléirí sa SAM. Rachfadh an t-airgead istach i bpóca an rialtais ansin go bancanna na hÉilbhéise

    Fearn — 2008-10-31 - 13:27:13 GMT 0

  2. Déanfadh $5 billiún difear mór do na daoine sin i Meiriceá faoi chéad slat den teacht bán atá ina gcodhladh ar na sráideanna gach oíche. Níl i gceist le hobama ach athrú datha ní athrú dearcaidh nó athrú córais. Ach ó tharla nach ndearna muid in Éirinn aon iarracht chun an sochaí a athrú ní chóir dúinn a bheith anuas ar na Poncánaigh.

    Poncanaigh — 2008-10-31 - 15:51:10 GMT 0

  3. Anois is arís, is maith athrú spéire.

    Fearn — 2008-10-31 - 18:42:31 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>