Na fíréin
Agus muid ag iarraidh oibriú amach cad é a d’fhéadfadh teacht i gcomharbacht ar Lá Nua bhí mé ag smaoineamh siar inné ar na daoine sin a bhí mar chnámh droma an nuachtáin ar feadh i bhfad. Leithéidí Breandán Ó Mearáin, atá san ospidéal faoi láthair. Agus guimíd biseach air. Rinne Breandán cion fir agus níos mó do Lá le blianta fada sula cheannaigh Grúpa Meán Bhéal Feirste an nuachtán. B’admhlaidh an scéal le hArt de Creag a ba ghnách leis colún laethúil a scríobh, colún a raibh dúil mhór ag daoine ann. Bhí Art istigh sa Chultúrlann inné agus faill agam labhairt leis. Bhí sé ag rá liom go mbíonn sé ag scríobh beagán na saolta seo ach go bhfuil sé tógtha faoin smaoineamh go líonfaidh dream éigin an bearna a chruthófar le himeacht Lá Nua. Tá súil as againn go bhfuil an ceart aige. Nó mar a dúirt Art ní hé go mbrisfear ar mhisneach Gaeilgeoirí Bhéal Feirste má imíonn Lá Nua. Caillfear rud luachmhar, foireann cumasach, traidisiún ceathrú céid agus ardán don aos óg agus eile a bhí acu le fada an lá. Ach tá Raidió Fáilte is Nós is fiche rud eile ann. Ach dá dtiocfadh rud éigin in áit Lá Nua, seirbhís laethúil i nGaeilge, bheadh faill againn misneach an phobail Gaelaigh anseo a ardú agus a threisiú, beag beann ar eagrais agus institiúidí stáit agus a n-iarrachtaí chun baint den réabhlóid Ghaelach atá ag titim amach sa chathair cois cuain. Mar sin coinnimís aird ar an phríomhcheist faoi láthair – cén dóigh gur féidir seirbhís nuachta laethúil a sholáthar. Is é sin an fócas ar ghá do Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste go háirithe a bheith acu sa cúpla seachtain amach romhainn – thar aon rud eile.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta