Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

'You Tube' Cops

eoghan @ 09:40

psni_25945t.jpgDen chéad uair bhreathnaigh mé inniu ar an fhíseán ar You Tube a léiríonn cad go díreach a thit amach nuair a chuaigh fear ólta, a raibh gunnán aige,amach ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste i mí Mheithimh seo thart agus bhagair ar bhean a bhí ag tiomáint cairr.http://uk.youtube.com/watch?v=QaMylVczGpk
Bhí an cuma air go raibh sé ar tí í a scaoileadh nuair a tháinig fear ón cheantar i gcabhair uirthi agus leag mo dhuine le haon bhuille trom. Scairteadh ar na péas, scairt 999, ach thóg sé beagnach uair a chloig orthusan teacht agus an scéal a fhiosrú. Nuair a chuaigh siad a fhad leis an láthair faoi dheireadh níor bhac na hoifigigh PSNI le bogadh amach as a gcarr agus níor chuir siad in iúl do dhuine ar bith gur péas a bhí iontu. I ndiaidh dóibh fanacht sa charr 16 bomaite ag amharc ar a raibh ag titim amach d'imigh siad leo. Níor fhiosraigh siad an scéal ná cheistigh duine ar bith. Níor bhailigh siad fianaise ná chuir stró orthu féin fiú bogadh ón charr. Ar ball, níor bhac siad fiú le dul a fhad leis an ospidéal chun an fear a bhí ag iompar an gunnán, gunnán breige mar a fuarthas amach ar ball, a cheistiú. Mar a luaigh Ombudsman na bpéas thiocfadh dó go marófaí duine mar gheall ar neamart an PSNI. Dar leis go bhfuil sé dóchasach go bhfuil ceachtanna foghlamtha ag an PSNI.
Cuimhnigh air áfach gur mí ó shin, agus córas nua curtha i gcrích ag an PSNI chun plé le scairteanna éigeandála mar gheall ar an eachtra ar Bhóthar na bhFál, cad a rinne an PSNI.
Chuir tiománaí tacsaí in iúl gur shíl sé go raibh corp ina luí ar shráid i gceantar na bhFál.
Scairt an PSNI ní ar patról dá gcuid le dul agus an scéal a fhiosrú. Scairt siad ar dhuine a robáladh ar na mallaibh, íopsartach a bhí ag teacht chuici féin i ndiaidh na robála, agus d'iarr uirthi dul amach ar an sráid le feiceáil an raibh duine ina luí sínte marbh ar an tsráid!
Léiríonn seo ní amháin míchumas ach léiríonn sé an easpa measa a bhí ag an RUC ar phobal Iarthar Bhéal Feirste go trean ann san PSNI go fóill. Agus tógfaidh sé obair mhór dhian leanúnach go dtí go ndéanfar sin a mhaolú.

Nótaí Tráchta - 1 »

  1. Roimhe seo tabharfaí bíogóideachas ar iompar an RUC, frithÉireannachas, frithChaitliceachas. Anois mar gheall ar a seasamh nua tugann Sinn Féinithe 'míchumas' air. Níl an PSNI míchumasach, tá siad ag feidhmiú ar son rialtas na Breataine mar RUC nua.

    PSNI - athrú ar bith — 2008-10-31 - 10:57:50 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>