Fáiltiú?
Tháinig mé chuig an agóid ó thuaisceart Bhéal Feirste ar ndóigh agus chuaigh mé thart ar bhun na Seanchille dá bharr. Bhí na sluaite síoraí de dhaoine ag teacht síos Bóthar na Seanchille agus is léir go bhfuil an cheist seo i ndiaidh an pobal aontachtaigh a spreagadh agus a chorradh. Nach sin an cuspóir a bhí ag comhairleoirí aontachtacha agus iad ag moladh an rud seo an chéad lá anuas. Chuala mé, agus níl ann ach sceal, ach gur chuala mé gur mhairseáil Jackie Mc Donald agus a lucht tacaíochta ó Trá an Gainimh isteach roimh thús na hócáide agus ar ndóigh bíonn an UDA gach bliain ag reáchtáil a n-ócáid chomórtha féin nó throid siad féin agus arm na Breataine ar son an bhrataigh amháin. Is údar suntais é go raibh na mílte duine amuigh ar shráideanna Bhéal Feirste inniu agus iad ag agóid i gcoinne trúpaí na Breataine sa chathair seo, agus i gcoinne a gcuid gníomhartha i mBeal Feirste, in Éirinn, san Afganastáin agus san Iaráic. Ba mhaith leis na haontachtaithe cur in iúl go bhfuil an áit seo mar chuid den Impireacht fós, go gcuirtear fáilte abhaile roimh thrúpaí na Breataine mar a dhéantar sa Bhreatain. Ar ndóigh cuirtear fáilte agus mórfháitle roimh thrúpaí na Breataine sa Bhreatain - ach ní thagann na mílte duine amach ar na sráideanna ag damnú na dtrúpaí sin agus a ngníomhartha. Is é sin an bundifear idir Birmingham is Brighton is Béal Feirste, cliabhán an Phoblachtanachais ar an oileán seo.


digg it
del.icio.us
Maith an fear a Eoghain - tuairisc chomh gasta sin. Luaíonn tú an UDA ag fáiltiú abhaile roimh na leaids. Cad chuige a bheadh mórshiúil dá gcuid féin ag an UDA. Thiocfadh leo mairseáil leis an RIR - is ionann iad.
úr te bruite — 2008-11-02 - 14:10:22 GMT 0
moladh mór ag dul duit a Eoghain as tuairisc chomh cruinn agus chomh cuimsítheach a chur ar fáil dúinn. Ní nuacht seirbhís idirlín laethúil amháin atá á agat anseo ach nuacht seirbhis uair ar uair. maith thú. tá an BBC curtha in áit na leithphingne agat
Séamus Mac Seáin — 2008-11-02 - 16:32:31 GMT 0
Agus focal molta do bhlag Mháirtín Uí Mhuilleora. Tá tuairisc is tuairimíocht ansin. Ritheann sé liom go bhfuil nuachtán, nuacht seirbhís deireadh seachtaine againn. Conchúr O Liatháin ag tuairisciú ón Oireachtas an deireadh seachtaine seo. Máirtín O Muilleoir agus Eoghan Ó Néill ag tuairisciú ó Bhéal Feirste. Coinnigí libh.
úr te bruite — 2008-11-02 - 16:48:48 GMT 0
Cúpla seachtain ó shin bhí an DUP le bannaí go raibh lucht sacar ag imirt ar an Domhnach ag an Oval. Anois, tá an DUP agus iomlán a lucht tacaíochta i mBéal Feirste amuigh ar na sráideanna Dé Domhnaigh ag siopadóireacht agus ag siamsú mar aon le bheith ag breathnú ar pharáid. An é go labhrann Dia leo i dteanga eile seachas an teanga a labhrann sé leis na Wee Frees in Albain. Ní bheadh aon ghlacadh le diabhalaiocht mar seo thall. Ná ag an dream DUP ar ghnqach leo na luascain a ghlasáil ar an Domhnach gan trácht ar chur in aghaidh na bpictiúrlanna. Is mor an gár go bhfuil An Fear Mór imithe ón DUP agus meas ar an Sabóid leis.
An tSabóid Naofa — 2008-11-02 - 17:49:08 GMT 0
Chuaigh cúig grúpa éagsúl ag mairseáil trí lár Bhéal Feirste inné - níor gortaíodh einne, níor maraíodh éinne. Bhí faill ag lucht agóide agus lucht mairseála srl. Lá maith -éirigh an an chaoineadh.
Éirigh as an caoineadh — 2008-11-03 - 14:26:00 GMT 0