Ní seo Finchley

Dar leis an BBC inniu go raibh 30,000 duine amuigh ar shráideanna Bhéal Feirste ag fáiltiú ar ais trúpaí na Breataine i ndiaidh dóibh a bheith san Afganastáin. Gach seans go raibh. Orthu sin a bhí ann bhí Jackie Mc Donald agus a bhuíon UDA.
An UVF agus a buíon s'acu.
Go leor leor gnáthPhrotastúnaigh agus aontachtaithe ar mhór leo páirtíocht an RIR i gcogaí na Breataine.
Agus scaifte nach beag de bhithiúnaigh dílseora a bhí ar a seacht ndícheall ag iarraidh ionsaí a dhéanamh ar an lucht agóide náisiúnach.
Chuige sin chaith dílseoirí buidéil is clocha ní amháin ar na péas a bhí sa bhealach orthu ach ar náisiúnaigh is ar phoblachtaigh a bhí ag bun Bhóthar Grosvenor. Le gaolta daoine ar mharaigh an RIR agus an UVF is an UDA is arm na Breataine a gcuid gaolta. Ar ndóigh cuireadh in iúl ar an BBC go raibh an dá scaifte ag dul dá chéile agus go raibh na péas i lár báire, neodrach mar a bhíonn i gcónaí.
Rud nach raibh cruinn. Ligeadh do dhílseoirí dul in airde ar scafal ag an Presbyterian Assembly agus in airde ansin bhí siad in ann cannaí agus mionna móra a thuirlingt ar lucht agóide.
Aisteach go leor níor cuireadh ceisteanna crua ar pholaiteoirí aontachtacha faoi iompar na ndaoine seo a bhí ina measc, daoine a bhí ag croitheadh Union Jacks agus ag ceol amhráin ag fógairt a ndílseacht don Bhreatain agus ansin, i bhfaitheadh na súl, a bhí ag ionsaí an PSNI, fórsa Briotánach, cionn is gur sheas siad sa bhealach ar a bheith ag bualadh Caitliceach.
Cibé faoin míthuairisciú a tharla rinne náisiúnaigh an pointe go bhfuil leathchuid den phobal sa chathair seo ar bheag leo an RIR agus gach rud a bhaineann leis.
Orthu sin a bhí i láthair ag agóid Éirigí ó Thúr Duibhíse bhí Breandán Mac Cionnaith ó Bhóthar Garbhachaidh. Agus labhair Brenda Downes leis an slua de tuairim is 300 duine agus chuimhnigh dóibh dunmharú a fir chéile Seán, 22 bliain d'aois. Scaoil an RUC chun báis é le piléar plaisteach le linn dóibh a bheith ag ionsaí lucht agóide ar Bhóthar Bhaile Andarsain, 12 Lúnasa 1984.
Is maith a thuigeann ceannaire arm na Breataine sna Sé Chontae nach ionann Béal Feirste agus Finchley, go bhfuil an oiread daoine sa chathair seo i gcoinne a thrúpaí is atá ar a son. Is ar an ábhar go dtuigeann sé go maith sin is gur shocraigh sé nach mbeadh gunnaí á n-iompar acu agus nach mbeadh aon 'fly past' ag an RAF. Mar ghlac sé leis nach baile mar aon bhaile eile é seo d'arm na Breataine.
Agus é ag caint leis na meáin ghlac sé leis go raibh cuid den phobal nach gcuirfeadh fáilte ar bith roimh a chuid trúpaí.
Beidh bunús againn breá sásta go bhfuil deireadh leis an mórshiúil mire seo. Chuir an 'fáiltiú' seo, a bhrúigh polaiteoirí aontachtacha ar son a leasa féin, chuir sé siar caidreamh an dá phobail sa chathair cuid mhór. Agus tógfaidh sé míonnna sula bhfeadfaí filleadh chuig an áit a raibh cúrsaí 6 mí ó shin. An dá ghrianghraf thuas le caoinchead Grúpa Meán Bhéal Feirste. Sa ghrianghraf thíos feictear slua de 'lucht tacaíochta' na dtrúpaí i Fisherwick Place. Agus taobh leis sin radharcanna o mhorshiúil 'Éirigí.'


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta