Fear uasal ar shlí na Fírinne - Séamus de Naiper
Le Séamus Mac Seáin
Fuair Séamus de Napier bás Dé Sathairn seo chuaigh thart, 1 Samhain san Oispís i mBéal Feirste.
Gidh gurbh as oirthear Bhéal Feirste ó dhúchas dó, bhí sé ina chónaí i nDún Phádraig le blianta.
Bhí sé pósta le hÁine agus bhí cearthar cloinne acu, Séamus, Rosmháire, Stiophán agus Clíodhna.
Fear ildánach a bhí ann mar Shéamus, athair cloinne, scoláire, dlíodóir, breitheamh, úrscéalaí agus stairí den scoth, ach thar aon ní eile bhí sé ina Ghaeilgeoir díograiseach a chaith a shaol ag saothrú i ngort na hathbheochana.
Ba go luath ina shaol a chuir sé suim sa teanga, ar dtús i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste agus ina dhiaidh sin ag OIlscoil na Banríona, áit a raibh sé ina bhall dílis den Chumann Ghaelach le linn dó a bheith ag déanamh staidéir ar an dlí.
Ba dhual teaghlaigh dó dul le dlí nó ba theaghlach iomráiteach dlí iad Muintir Napier i mBéal Feirste le fada an lá.
Chuir mise eolas air don chéad uair sna caogaidí den chéad seo thart nuair a tháinig sé le píosa dá chuid filíochta féin a léamh dúinn ag rang Gaeilge sa tsean-Ardscoil i Sráid Duibhise i mBéal Feirste.
Is beag a shíl mé an t-am sin go mbeadh “fear an scooter”, nó sin a raibh de ghléas taistil aige ag an am, go mbeadh sé féin agus iarscoláire eile de chuid Coláiste Mhaolmhaodhóg, an t-ailtire Seán Mac Goill ina gcomhairleoirí proifisiúnta go minic ina dhiaidh sin ag lucht na Gaeilge i mBéal Feirste agus muid ag iarraidh tionscnaimh éagsúla a chur chun chinn.
Nuair a cháiligh sé mar dhlíodóir chuaigh sé ag obair in oifig a mhuintire sul ar bhunaigh sé oifig dá chuid féin ach i rith an ama bhí sé ina dhlíodóir neamhoifigiúil agus neamhíoctha go minic, ag lucht na Gaeilge i mBéal Feirste.
Ba chuige a chuaigh slua mór againn as Cumann Chluain Ard lenár n-ainmneacha a athrú go dti an leagan Gaeilge ag tús na seascaidí.
Ba chuig Séamus agus chuig Seán a chuaigh muid nuair a bhí muid ag cur tús le Gaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste.
Ba ag cruinniú de chuid ‘Na Gaeilgeoirí Meirgeacha’, cumann a bhí á reachtáil ag Séamus agus ag Áine, a bhean chéile, a beartaíodh na tithe a scriosadh ag Sráid Bombay a atógáil.
Seán Mac Goill a dhear na tithe agus Seán Mac Seáin a thóg iad, Séamus a bhí inár gcuideachta nuair a chuaigh muid a phlé Bunscoil lánGhaelach a bhunú i mBéal Feirste le seanRialtas Stormont.
Nuair a bhris na trioblóidí amach ó thuaidh bhí Séamus ar thús cadhnaíochta i measc dlíodóirí an tuaiscirt ag seasamh ar shon daoine bochta a raibh cos ar bolg á imirt orthu.
Séamus de Napier agus Seán Mac Goill i gcomhar le Ciarán Ó Catháin (nach maireann) a chur tús le heastát tionsclaíoch na Carraige Báine, an chéad cheann dá leithéid in iarthar na cathrach i mBéal Feirste.
Chuir siad tús le tionscail chníotála i mBaile Uí Mhurchú, ceantar a raibh an ráta a b’airde dífhostaíochta in iarthar na hEorpa ann ag an am.
Nuair a d’fhág Séamus agus Áine Béal Feirste le dul a chónaí i nDún Phádraig, níor fhág siad an Ghaeilge ina ndiaidh, leoga níor fhág, nó bhí siad gníomhach i gCumann Ghaelach Leath Cathail, sa naíscoil Ghaelach agus sa Bhunscoil Ghaelach ar an bhaile, agus i rith an ama ag tógáil cearthar cloinne le Gaeilge.
Chaith Séamus blianta fada ar Bhord Stiúrtha Ghael Linn chomh maith agus bhí sé i dtólamh ag iarraidh a theacht ar bhealaí leis an teanga a scaipeadh i measc pobal níos leithne.
Mar sin sna hochtóidí nuair a fuair sé leid go mb’féidir go mbeadh Rialtas na Breataine sásta airgead poiblí a chur isteach sa Ghaeilge, ach an eagraíocht cheart a bheith ann chuige, bhunaigh sé Iontaobhas Ultach agus tá na céadta míle punt d’airgead poiblí curtha isteach i gcúrsaí Gaeilge ag an Iontaobhas ó shin i leith.
Sa bhliain 2000, thosaigh mise ag obair leis go dlúth don uair dheireanach nuair a bunaíodh Iontaobhas na Gaelscolaíochta ó thuaidh.
Ceapadh Séamus, mé féin agus Seán Mac Goill ar an Iontaobhas, Séámus ina chisteoir, mise i mo chathaoirleach agus Seán ina chomhairleoir aiitireachta.
Chuir an bheirt acu an t-uafás oibre isteach san Iontaobhas agus ní bheadh an Ghaelscolaíocht ó thuaidh leath chomh láidir an lá atá inniu ann gan iad.
Cibé rud a rinne Séamus ar shon na Gaeilge, ba go deonach a rinne sé é, cé go sílfeadh duine gur ag obair go lánaimseartha a bhí sé agus an oiread sin rudaí ar bun aige, ach bhí sé i rith an ama ag saothrú i réimsí éagsúla den dlí, seal ina bhreitheamh agus ar deireadh ina mháistir cánach do na sé chontae ar fad.
Níl a fhios agam cá bhfuair sé an t-am le raidhse mhór de leabhair Ghaeilge a scríobh chomh maith, ach fuair agus tá sin fágtha le huacht aige le cur ar a charn.
Tamall goirid ó shin seoladh dhá leabhar nua leis sa Cheathrú Póilí, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich mar rogha Clubleabhar Choiscéim Feirste.
Throid Séamus an dea-throid ar feadh a shaoil agus saol thar a bheith gnóthach a chaith sé.
Tá a chúiteamh anois aige.
Go ndéana Dia a mhaith air agus go dtuga sé faoiseamh d’Áine agus dá mhuintir go léir.
Beidh cumha orainn uilig ina dhiaidh.


digg it
del.icio.us
Mór an chaill daoibh Séamas de Naiper. Léigh mé dhá leabhar leis agus bhí ard-léann le sonrú iontu beirt. Agus breitheamh a bhí ann - breitheamh le Gaeilge i dtuaisceart Éireann. Is amhlaidh is iontaí. Ar dheis Dé go rabh sé. Cian Ó Maolmhichíl
fear uasal — 2008-11-04 - 10:04:37 GMT 0