'Like being at Windsor Park'

Faoi dheireadh thiar thall tá an BBC i ndiaidh a thuiscint go raibh gné eile 'don fháiltiú' a cuireadh roimh 'na buachaillí' inné seachas na daoine deasa ag bualadh bos. Bhí siad sin ann cinnte, na mílte mílte duine acu, ach fosta bhí slua nach beag de dhilseoirí a bhí ag caitheamh cogall nó a bhí scairf acu chun a n-aghaidh a cheilt. Agus ar feadh leathuaire chaith siad clocha, buidéil agus tinte ealaíne ar dhaoine a bhí i mbun agóide go ciúin. Lena cheart a thabhairt dóibh léirigh an tuairisc ag Andy Martin ar Good Morning Ulster an BBC ar maidin inniu, léirigh sé a gránna is a bhí an fuath is an seicteachas a bhí ag teacht ó na dílseoirí agus a chontúirtí is a bhí sé. Agus mar dhamnú breise ar seisean faoi dheireadh, 'It's more like being at Windsor Park than Belfast city centre on a Sunday.' Bhí an sceal mar a gcéanna ag Emer Lawlor ar RTÉ a chraol cuid den drochchaint agus bagairt ó na dilseoirí ar Morning Ireland. Ach fós féin níor cuireadh ceist ar aon pholaiteoir aontachtach, go fios dom, labhairt faoi 'did this not spoil what was supposed to have been a family event' nó 'don't you feel ashamed that people waving your flag and proclaiming loyalty to your cause spat at victims, threw missles at them and sang songs about Bobby Sands?' B'fhéidir gur fhéach siad le teacht ar pholaiteoir Aontachtach chun caint leo faoi sin. Aisteach go leor ní raibh teacht ar dhuine ar bith acu aréir nó go dtí seo inniu. Nó b'fhéidir, cá fios, nach deachaigh an BBC nó RTÉ ag cur na ceiste ar na polaiteoirí aontachtacha? Is mar seo a chuir Slugger O'Toole síos, ar a shuíomh siúd http://sluggerotoole.com/index.php/weblog/comments/parade-and-protest/ ar ar chuala só ó dhílseoirí nuair a nocht lucht agóide Shinn Féin, 'Do you want a pastie supper Bobby Sands” And then the Rangers classics – The Famine song and The Bouncy which was accompanied by much bouncing. To shouts of ‘Gypsies’, ‘scum’, much more and various hand gestures the shinners edged closer at which point members of the crowd that had scaled scaffolding started a barrage of fireworks and bottles that continued intermittently until well after the parade had passed. Then the drum beat struck up from within the grounds of Inst, received a huge cheer and the soldiers marched out onto the road to what I assume was the RIR regimental march which was followed by Onward Christian soldiers as the parade passed.'
Mar fhocal scoir bhí póipín á caitheamh ag duine as gach dáréag nó mar sin de chomhaltaí an PSNI inné. Is léir go bhfuil an cáineadh a rinne Mark Thompson, Relatives for Justice, cloiste ag ceannairí áirithe sa PSNI. Ach fós féin ní léir dom cad é an polasaí atá ann go ligtear duine as gach dáréag nó a leithéid póipín a chaitheamh.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta