Taispeántas sa Chultúrlann
Tá taispeántas iontach ag dul sa Chultúrlann faoi láthair. Is é Philip Goss a rinne an taispeántas seo a chur ar fáil agus tá píosaí ann de dhealbhóireacht chré-umha agus de dhair phortaigh mar aon le péintéireacht a rinne Philip. Uaidh féin a d'fhoghlaim Philp an ealaín agus múnlaíonn sé rudaí a bhfuil lorg idir iasachta agus dúchasacha orthu araon. Cuirfidh go leor daoine suim sna píosa a phléann le bás Chú Chulainn mar aon le rudaí a d'eascair as sealanna a chaith se i dTir Chonaill agus i gCairlinn Co an Lú. Tá rogha iontach d'ábhar ann a thógfadh do chroí. Beidh an taispeántas ag duli nDánlann Gearald Dillon sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste ó seo go dtí an 11 Samhain. Tá saorchead isteach agus is féidir breathnú ar an taispeántas idir 10.00 - 16.00 gach lá seachas an Domhnach.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta