Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Ógish agus bománta - agus contúirteach

eoghan @ 09:27

ian-paisley-90083198.jpgDar le hIan Paisley Jnr gur 'ghastly woman' í Marina Anderson ó Shinn Féin. 'I'm sure there ar quite a few people who would like to see Martina Anderson tasered' ar seisean agus é ag caint le comhdháil an DUP ag deireadh na seachtaine. Ar bhealach, deir tú leat féin go bhfuil an fear seo ar mire. Fear atá i bpáirtí a bhfuil Iris Robinson ann, gan trácht ar Nelson Mc Causland, Willie Mc Crea et al. Fear óg é Ian go fóill, a raibh gach rud ullmhaithe ag a athair dó le teacht i gcomharbacht air mar cheannaire an DUP. Agus scrios Ian ní amháin an plean ach thug sé faill do naimhde a athara é a ciceáil amach as an pháirtí. Amadán a chuir áifealtas ar a athair agus ar a pháirtí. Ach amadán contúirteach fosta nó sa deireadh, dáala a athara, tá sé ag cruthú meon i measc dílseoirí is aontachtaithe a ligeann dóibh amharc ar phobalachtaigh, náisiúnaigh (agus go háirithe mná ón chúlra sin) mar neamhdhaoine. Gan trácht ar an dhearcadh a léirigh Ian Óg maidir le homaighnéasaigh. Ná a ghaol le Seymour Sweeney. Agus anois, fonn air bean a fheiceiáil agus í á smachtú le gléas a a chuireann 50,000 volta leictreachais tríd do chorp agus. I Meiriceá agus i gCeanada, mharaigh Tasers go leor leor daoine.
Ba é óráid Ian Óg an t-aon óráid amháin óna gcomhdháil nár chuir an DUP ar a suíomh idirlín. An raibh aiféaltas orthu? Níll a fhios agam cad chuige a bheadh nó tá fiche duine mar Ian Óg sa DUP, ag an leibhéal is airde as pháirtí.
Buíochas do Dhia gur sa DUP atá Ian Óg. Agus buíochas do Dhia gur gá le Gearóid Mac Adaim agus Martin Mc Guinness plé le hIan Óg agus a mhacasamhail seachas mise.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>