Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Hunger - Séanna Breatnach ag caint faoin scannán

eoghan @ 13:43

seanna.jpgTá agallamh iontach, má deirim féin é, le Séanna Breatnach le dul amach ar Raidió Fáilte Dé Luain seo chugainn ag meánlae. Is é atá i gceist ná agallamh faoin scannán 'Hunger' le Steve Mc Queen, scannán atá ar taispeáint anois ag pictiúrlanna fud na tíre. Is iomaí rud iontach a thagann chun tosaigh san agallamh uair a chloig seo. Ach tá scéal nuachta ann a chuirfidh cuid mhór daoine suime ann. Dar le Séanna gur gnách leis na bairdéirí, i ndiaidh dóibh cimí a bhualadh, teacht isteach sa chillín ar ball agus bhí liníocht acu, body chart, agus déanfadh siad taifead ansin ar an ghortú a bhí déanta acu ar an chime. Dar leis gur seo gnáthnós agus mar a deir sé is 'buama atá chun pléascadh lá éigin' má nochtítear an taifead seo ar an uafás agus ar an sceimhle a bhí ar bun ag na bairdéirí sna H-Blocanna. Ar ndóigh ba ghnách leis na Naitsithe taifead a dhéanamh in Auschwitz agus áiteanna eile ar a gcuid uafáis. Ach choinnigh na Naitsithe a gcuid taifead agus tháinig críoch an chogaidh chomh tobann sin is nár éirigh leo an taifead sin a scrios. I gcás na Sasanach a bhí i gceannas ar na H-Blocanna gach seans gur scriosadh gach pioc den fhianaise go raibh bualadh cimí mar ghnáthchuid den saol sa Cheis Fhada. Cibé,is fiú go mór éisteacht leis an agallamh seo, agallamh a léireoidh go leor leor rudaí nár eol duit faoin scannán 'Hunger' agus faoin ar thit amach sna H-Blocanna am na stailce ocrais. Beidh an clár le cloisteáil ar Raidió Fáilte www.raidiofailte.com nó ar 107.1fm Dé Luain , 10 Samhain, ar mheánlae.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>