Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Mar a bhí ....

eoghan @ 11:10

bham8.jpgsit-in.jpg

B'fhurasta agus an chaint uilig ag dul dearmad a dhéanamh den dóigh a bhí Meiriceá tuairim is 40 bliain ó shin. Agus ní tréimhse fhada í sin ná baol air. Tugann na radharcanna thuas leid dúinn ar a fíochmhaire is a bhí daoine geala agus iad ag iarraidh cearta a shéanadh ar an chine dubh i Meiriceá. Seo radharc ó 'sit in' i mbialann Woolworths i Jackson Mississippi i mí Bealtaine 1963. Shuígh daoine dubha agus daoine geala le chéile in áit a bhí do dhaoine bana amháin. D'ionsaigh scaifte ban iad agus mar aon le stúif a chaitheamh thart orthu bualadh iad. Sa ghrianghraf eile feictear páistí a ghabhadh as a bheith ag iarraidh a gcearta. D'athraigh cúrsaí agus go háirithe d'athraigh siad le JFK. Briseadh ar an chosc ar Chaitliceach a bheith i gceannas ar an tír is cumhachtaí ar domhan. Thóg sé 40 bliain sula ndéanfaí cros eile a bhriseadh, is é sin an toirmeasc ar fhear dubh a bheith ina Uachtarán ar Mheiriceá. Tá Barak Obama ina shiombal don chine dubh i Meiriceá, agus do go leor pobail eitneacha eile sa tír. Is cuma, ar bhealach, cé acu an mbeidh sé chomh radacach sin mar gach seans nach mbeidh. Ach tá an múnla briste agus tá fear ó chúlra Afro Meiricánach sa Teach Bán - bhuel le bheith sa Teach Bán! Ba bhreá an rud dá mbeadh sé radacach i bhfírinne ach tá mé in amhras. Tá múnla eile le briseadh go fóill. Bean a bheith sa Teach Bán. Gach seans go dtiocfaidh sin an chéad uair eile. Ach i láthair na huaire amharc ar na grianghrafanna thuas agus cuimhnigh ar an ród atá siúlta ag pobal Meiriceá le 40 bliain anuas. Ceist atá le freagairt, an sochaí iar-chiníochach í Meiriceá? Beidh le feiceáil. birmingham_campaign_dogs.jpg

Nótaí Tráchta(4) »

  1. Den chéad uair riamh bhí Meiriceá dathchaoch inné. Is iontach an teachtaireacht é sin don domhan - tá ciall leis an Fís Mheiriceánach arís buíochas do Dhia.

    Seán Ó Discín — 2008-11-05 - 17:50:04 GMT 0

  2. Chuir sé lucair orainn uilig gur bhuaigh Obama. Is Gael Meiriceánach mise agus vótáil mé dó. Lá mór do daoine dubha agus do na Gaeil i SAM. O'Bama abú.

    Máirtín Anthony — 2008-11-06 - 08:43:39 GMT 0

  3. Pictiúirí an náire. Is mór an difear a dhéanann Barak Obama go mbeidh meas ar dhaoine dubha seachas an náiriú a bhí ar siúl an t-am a tógadh na pictiúirí seo.

    Diarmuid — 2008-11-06 - 10:03:47 GMT 0

  4. An fada eile a mbeidh oifig éigin ag bundúchasach?

    Fearn — 2008-11-07 - 13:33:59 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>