Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

'Nearer to the Promised Land'

eoghan @ 08:57

_45175593_466_05_07.jpgIs cinnte go raibh Martin Luther King ag breathnú anuas ar imeachtaí na maidine seo agus aoibh an gháire ar a aghaidh aige.
Cé a shamhlaigh go dtiocfadh an lá go deo nuair a bheadh an t-ainm Barak ar Uachtarán Mheiriceá? Na Obama.
Iontach an scéal é sin agus ar bhealach léiríonn sin a chinniúnaí is a bhí imeachtaí na hoíche aréir do Mheiriceá agus don domhan. Ar leibhéal siombáalach tá Meiriceá i ndiaidh athrú ó bhun go barr. Agus d'athraigh an pobal geal i Meiriceá go raibh oiread sin acu sásta teacht amach agus vótáil d'fhear dubh.
Is mó fó sna siombalachas a théann le cás Michelle Obama, bean thar a bheith tallannach is cumasach, bean ar de shliocht na sclabhaithe dubha í.
Bhí sclabhaithe orthu sin a thóg an Teach Bán. Bhí sclabhaithe ag go leor de na hiarUachtaráin a bhí i gcumhacht ann.
Agus anois suifidh sliocht na sclabhaithe sin in áit na cumhachta sa Teach Bán.
Comhghairdeas agus comhbhrón le John Mc Cain. Throid sé feachtas iontach maith agus ba léir go raibh sé srianta ag an Pháirtí Poblachtach agus a gcuid comhairleoirí. Agus ag Sarah Palin.
Aréir, ar maidin, ina óráid ag glacadh le 'my president' d'aimsigh sé a ghuth féin arís, den chéad uair le tamall, mar pholaiteoir neamhspleách tallannach.
Agus ná déantar dearmad ar Joe Biden, leasUachtarán Mheiriceá tofa, atá le fada fada an lá ar thaobh na hÉireann i gcúrsaí Mheiriceá. Agus Sarah Palin? Palin' into insignifiance arís._45175594_466_05_09.jpg

Nótaí Tráchta(4) »

  1. Níor mhothaigh mé aon rud iontach i gcaint Mc Cain. Chaith sé a fheachtas ag bagairt cogadh 100 bliain san Iaráic, ag díspeagadh Barak Obama agus ag tabhairt 'sóisialachas' ar dhearbhú Obama gur mhian leis an mhaoin a roinnt ar bhealach níos cothroime. Is mór an gár é a bheith imithe. Dála an scéil bhí mé i Sandinos i nDoire aréir nuair a labhair beirt iarBlack Panthers. Labhair siadsan faoi athrú sochaí ar bhealach a bheadh deistíneach, dearfainn, ag Obama. Athrú sea, ach mór-athrú, beag an baol.

    Doire — 2008-11-05 - 10:35:07 GMT 0

  2. Ar maidin inniu mharaigh arm Iosrael seisear trodaí le Hamas agus bhris ar an sos cogaidh a bhí i bhfeidhm, ann agus as, ó mhí Mheithimh. Le linn a fheachtais toghcháin thacaigh Obama le 'troid Iosraelach i gcoinne na sceimhle.' Mharaigh aerionsaí Meiriceánach 38 sibhialtach in aerionsaí san Afganastáin inniu. Seo mar a ghníomhnaíonn Meiriceá. An gcreideann duine ar bith go mbeidh an Commander in Chief nua a dhath ar bith difriúil?

    Doire — 2008-11-05 - 12:32:42 GMT 0

  3. Is maith is cuimhin liom na laetha geala sin nuair a tharla na rudaí stairiúla anseo sna 6 chontae ag tús an phróisis shíochana. Nár shíl muid uilig go raibh laethanta stairiúla againne fosta. Amharc ar an saol sin anois, an bhfuil muid mórán níos faide ar aghaidh; cuir an cheist sin ar lucht na Gaeilge, ach go háirithe. Tá mise breá sásta gur toghadh Obama, ní fhéadfadh sé a bheith níos measa ná an boc sin roimhe; ach tabhairigí seans don duine neadú isteach sa phost. Ní thig linn a bheith ag brath ar mhíorúiltí uaidh, is duine é, chan dia ná slánaitheoir fiú. Tá duine dubh sa teach bhán anois, ach sin é, duine!

    Gael gan chiall — 2008-11-06 - 15:42:25 GMT 0

  4. Duine dubh - nó duine bán é Obama? Ba bhean bhan a mháthara. Ach ag fágáil sin ar leataobh is é atá i gceist le Obama ná gur coiméadach é agus coiméadaigh amháin a thoghann Meiriceá - ní radacaigh. Ní chreidim go mbeidh aon mhórbhiseach ar Mheiricea de bharr a thoghadh. Cinnte beidh ag leibhéal an siombalachais ach sa deireadh níl i gceist ach péire lámha sabháilte, a safe pair of hands, lámha sabháilte dubha anois in áit na cinn bána a bhí ann le fada.

    Lámha sabháilte dubha seachas cinn lámha sabháilte bána — 2008-11-07 - 09:22:02 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>