Breandán Uasal ar shlí na Fírinne
Cailleadh cara mór linn ar maidin, Breandán Uasal Ó Mearáin. Fear uasal, fear léannta, cara leis an Ghael agus leis an daonlathaí. Fear a rinne sciar nach beag do Lá i mblianta an bheagáin. Agus nár thuirsigh ag iarraidh cuidiú le lucht na Gaeilge. Cara leis an Ghael, cara leis an daonlathaí, cara leis an te a bhí thíos. Is iomaí éacht a rinne Breandán, a bhí ina mhúinteoir scoile tráth agus a chuidigh le Scéala Úr, nuachtán seachtainiúil Gaeilge i mBéal Feirste, sna 1960í. Fear thar a bheith léannta a ba é agus fiú le linn dó a bheith go dona tinn san ospidéal bhí sé ag plé is ag argóintí is ag comhairliú do chuairteoirí faoin dóigh ar cheart tabhairt faoin chúlé eacnamaíochta. Bhí sé tinn fosta nuair a thiocfadh sé isteach ar chuairt chugam sa Chultúrlann go rialta chun cuidiú agus comhairliú dom ar thráchtas a bhí mé ag déanamh do chúrsa aistriúchán. Fear umhal, fear uasal agus crothnóidh pobal Gaelach Bhéal Feirste go háirithe é mar chara, mar Ghael, mar dhuine fial fáilteach, mar fhear an suairce am na duairce. Crothnóidh lucht Esperanto é chomh maith nó bhí luí riamh ag Breandán leis na teangacha agus bhí an Esperanto riamh cóngarach dá chroí. Drochscéala faoi dhó an tseachtain seo le himeacht Bhreandáin agus Séamas de Naiper. Go raibh an dís acu le chéile sna Flaithis.


digg it
del.icio.us
Pictiúr an deas ansan de Bhreandán. Is cinnte gur cara dilis don Ghaeilge abea é agus bhí sé i gcónaí cuiditheach domsa agus mé i mbun mo chuid oibre le Lá. Trath go raibh mé im cholúnaí leis an nuachtán, cothrom is deich mbliain ó shin is dócha, agus mé beo bocht seachas airgead Lá, bhíodh sé tuisceanach agus fial ag roinnt mo tháillí liom as ucht mo cholún! Is cuimhin liom gur thug sé clúdach níos mó dom ag an Nollaig, rud a chuidigh liom dul abhaile go Cúil Aodha agus taithneamh eigean a bhaint as an Nollaig.
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal Gaelach.
Concubhar Ó Liatháin — 2008-11-06 - 12:28:38 GMT 0
Is in oifig Lá in airde staighre sa Chultúrlann a chas mé le Breandán an chéad lá ariamh.
Fear séimh agus fear lách a bhí ann ariamh.
Tá cara mór caillte ag clanna Gael, in éineacht le himeacht Shéamus de Napier an tseachtain seo caite, ar dheis Dé an bheirt acu.
Dónall Mac Giolla Chóill — 2008-11-06 - 12:57:25 GMT 0
Cúis mhór bhrón cailliúint Bhreandán Ó Mearáin - duine iontach - séimh, cineálta, ciallmhar - an sort duine a dtiocfadh leat brath ar go huile is go hiomlán - bhí am aige do gach duine agus bhí greann ann chomh maith. Bhí sé mar phléisiúr agam aithne a chur ar sna mall 80í nuair a bhí Lá lonnaithe in Abhainn Bhearach agus é ag cur ord ar chúrsaí...bhí sé iontach furast a bheith mar chara agat Suaimhneas sioraí a Bhreandáin
mnf — 2008-11-06 - 14:33:21 GMT 0
Beirt Ghael a rinne a gcion - codhladh sámh
Lachtnán — 2008-11-06 - 15:31:51 GMT 0
Is le an-bhrón a chuala mé an scéal faoin ár gcara Breandán ar maidin. Bhí sé de phribhléid mhór agam, aithne a chur air agus bheith ag comhoibriú leis thar na blianta, go hárithe nuiar a bhí sé ag obair lá is oíche sa Chultúrlann lena chomhoibrithe ag iarraidh Lá a chur chun cinn, éacht a d'éirigh leis a chur i gcrích. Bhí sé tughta do na sain sonraí agus gach rud a thug sé faoi, rinne sé mar ba cheart é, idir drámaí a scríobh, aistriúcháin a dhéanamh i dteangacha éagsúla, leabhair a fhoilsiú, agus cumarsáid gnó a chothú le Gaeil na tíre seo. Nach maith is cuimhin liom na huaireannta fada a chaith sé ag ullumhú an Gael Eolaí.
Roinn sé a chuid ama, saineolais, físeanna, cúram agus cairdeas croí le go leor leor daoine agus tá mé an-sáta go raibh mé ar dhuine acu. Is iomaí duine a spreag sé go mór.
D'Inis sé cuid dá scéal ar ceamara trí bliana ó shin, agus tá súil agam go mbeidh an scéal sin ar fáil dá chuid cairde ar ball. Ar Dheis Dé go raibh a anam uasal.
Pilib Mac Cathmhaoil — 2008-11-06 - 15:41:50 GMT 0
Agus Fraincís mhaith aige, chomh maith. Bhí sé mar chrann taca ag An Chiorcal Fraincise sa Chultúrlann thar na blianta. Bheadh i gcónaí píosa ullmhuithe aige leis an chomhra a spreagadh. Agus suim as cuimse aige san Espeárantais, ar ndóigh. Moltaí dearfacha i gconaí aige dúinn maidir le hAcht na Gaeilge, cearta na nGael, gach.
Janet — 2008-11-06 - 17:09:14 GMT 0
Homo bona malavara! Perdo granda!
An truitean — 2008-11-07 - 13:58:06 GMT 0