Gaeilge le Bród
Thosaigh an Fhéile Gaeilge le Bród anocht féin (Déardaoin). Léacht Harry Holland, le Fintan de Brún, 'Stair na Gaeilge i mBéal Feirste', Seán Ó Muirgeáin ag léamh sliochta as 'An Béal Bocht' le Flann O'Brien agus seisiún ceoil a chuir tús leis na himeachtaí i gclub theach Ghort na Móna. Leanfar dóibh anocht Dé hAoine, nuair a bheidh Ceolchoirm na hÉagsúlachta ann le Bréag, Arts Ekta agus an Corás Fuaime Rasta Ruaidh ann i gClub Theach Naomh Eoin. Tá tuilleadh le bheith ann Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh - gach eolas ó 90 619773 nó ag e phost, nagaeilabu@gmail.com


digg it
del.icio.us
Cuir neasc ar www.catholicheritage.blogspot.com le do thoil.
St. Conleth\'s — 2009-07-15 - 16:43:11 GMT 0