Bás John Hermon
Ar leibhéal daonna is tragóid mhillteanach é do Sylvia Hermon, clann agus gaolta John Hermon go bhfuil sé i ndiaidh bás a fháil. Agus ghoill na blianta deireanach pianmhara dá shaol go mór orthu. Fear conspóideach a ba é le linn a shaoil, fear a bhí chun tosaigh sa nuacht le fada an lá agus a bhfuil tuairim láidir ag daoine faoi. Fágfaidh mé ag tráchtairí eile a scéal a phlé go mion. Bhí John Hermon i gceannas ar an RUC an t-am a ba mheasa iad ag sceimhliú an pobail náisiúnaigh, am na stailce ocrais, am na mbrathadóirí, am na n-eachtra 'scaoil le marú.' am na bpiléar plaisteach. Inneall marfach is inneall smachta den scoth a bhí san RUC agus is é is trua ná gur thóg sé chomh fada chun fáil réidh leo. Is é oidhreacht na hama sin ná nar reáchtáladh coistí cróinéara go fóill chun a léiriú cad go díreach a tharla nuair a mharaigh an RUC 18 duine ar a laghad gan chúis. Agus níl ansin ach beagán den scannal ar ghá a phlé leis má tá an stair le cur dínn faoi dheireadh.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta