16 mórshiúil Oráisteach in imeacht 8 seachtain
Más scannal atá de dhíth ó nuachtóirí ó thuaidh thiocfadh leo dul a fhad le Stoneyford, Contae Aontroma. Tá 318 duine ina gcónaí ansin, agus is pobal measctha iad. Le hocht seachtain anuas tá dílseoirí sa bhaile beag seo i ndiaidh 16 mórshiúil a reáchtáil. Sea, amharc arís, 16 MÓRSHIÚIL i dtréimhse 8 SEACHTAIN i mbaile mheasctha. Anois, sin scannal. Tá an teach fuar seo chomh fuar sin is go mba éigean do suas le dosaen clann Caitliceach teitheadh ón bhaile cionn is imeagla agus ionsaithe. An tseachtain seo thart chuimhnigh toghadh Barak Obama na heachtraí náireacha i mBirmingham is Albama is go leor áiteanna eile nuair a rinneadh iarracht an pobal dubh a bhriseadh. Tá Stoneyford á lua anois mar 'Birmingham' na Sé Chontae.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta