Bean Phoblachtach as na 26 Chontae - get her!
Lá eile, 'scannal' eile.
Agus cén ainm a lorgaíonn ár nuachtóirí díograiseacha ó thuaidh agus iad ag iarraidh a nochtú a mhí-chumasaí is atá an rialtas ó thuaidh? Cé eile ach Caitríona Ruane.
Shílfeá go mbeadh aird na nuachtán agus na meán ar an Aire Sláinte ó thuaidh Chris Mc Gimpsey agus an líon mór leapacha nach mbeidh ar fáil an geimhreadh seo - faoi mar nach raibh anuraidh agus an bhliain roimhe.
Shílfeá go mba ábhar suntais ag an am seo, nuair atáthar ag iarraidh gan cur le díofhostaíocht, tabhairt ar an Aire Mc Gimpsey athmhachnamh ar a phlean chun 3,000 post a ghearradh le seirbhísí a 'fheabhsú.'
Cad faoi Margaret Ritchie agus líon mór na ndaoine atá ar an liosta feithimh do tithe go fóill. Gan trácht ar an ardlíon daoine atá ina gcónaí ar na sráideanna, daoine gan dídeán mar gheall ar mhíchumas an aisínteachta a bhfuil sí i gceannas ann.
Sammy Wilson. Cá dtosaíonn tú? Fear a chreideann nach bhfuil sa dochar atáthar ag déanamh don timpeallacht ach gnáthrithim an nádúr. Nigel Dodds? Foilsíodh tuarascáil On Ulster Bank inné a léirigh go bhfuil an gheilleagar ó thuaidh i ndiaidh cúlú don 11ú mí as a chéile agus go bhfuil comhlacht as gach trí cheann sa tuaisceart ag ligean daoine chun bealaigh. An cuma leis na hiriseoirí go bhfuil Nigel Dodds ina Aire cuid mhór den am sin agus cúram jabanna is cruthú infheistíochta air? Arlene Foster? Gregory Campbell?
Thiocfadh dul ar aghaidh.
Ach is é atá mé ag rá ná nach mbíonn ceann ar bith de na rudaí seo agus fiche rud eile ar fiú do na nuachtóirí scríobh fúthu, ar chéad leathanach an Irish News nó an News Letter nó an Tele nó mar phríomhscéal na meán craolta.
Nó is é Caitríona Ruane a dtargáid agus ní duine ar bith eile den bhuíon Airí ag Stormont.
Smaoinigh siar ar na scéaltaí a bhíodh ann, Domhnach is Dálach faoin phraicéas sa chóras sláinte, faoi na seandaoine a bhí ag fulaingt, na hothair a fágadh i mbaol an bháis, na trollaithe sa dorchla. Lá agus oíche scéalta samhnais. Ach b'shin roinnt blianta ó shin, nuair a bhí...... Bairbre de Brún i gceannas ar an Roinn sin.
Cá bhfuil na scéalta sin anois go bhfuil Michael Mc Gimpsey i gceannas?
An bhfuil an córas sláinte ó thuaidh i ndiaidh bisiú an oiread sin? Níl, ach ní bean, Poblachtach as na 26 Chontae é Michael Mc Gimpsey agus dá thairbhe sin ní thabharfaidh na meáin faoi ar an dóigh sin.
B'í Bairbre de Brún an targáid an t-am sin.
Is í Caitríona Ruane an targáid atá acu anois.
Ní cionn is go bhfuil sí níos 'mí-éifeachtaí' ná duine ar bith eile de na hAirí, ní cionn is go bhfuil sí mí-chumasach nó gan tuiscint aici ar a jab.
Ach cionn is gur bean Phoblachtach í a rugadh i Maigh Eo.
Níl gach rud atá déanta aici ceart, cháin mé féin corr rud anseo cheana.
Agus d'admhaigh Sinn Féin nach raibh gach rud i gceart nuair a chuir siad John O'Dowd isteach chun cuidiú léi.
Ach is mór idir cáineadh nuair is gá agus an feachtas binbeach leanúnach atá ina choinne cionn is gur bean Phoblachtach í a rugadh ó dheas.
Caithfear idirdhealaú a dhéanamh idir an dá rud.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta