Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Dónall Ó Liatháin 1934 - 2008

eoghan @ 11:42

donall-o-liathain.bmpAn tseachtain seo thart bhíomar faoi bhrón ag bás Séamus de Naiper agus ansin Breandán Ó Mearáin. Agus an tseachtain seo tháinig an drochscéal chugainn arís eile. An iarraidh seo cailleadh fear a chuaigh go mór i gcion orainn le linn a chuairteanna ar Bhéal Feirste, mar a bhí Dónall Ó Liatháin.
Chuireamar aithne ar Dhónall nuair a tháinig seisean agus a bhean Margaret go Béal Feirste ar chuairt ar a mac Conchúr agus b'iontach an aithne é. Fear a raibh feitheanna aige de shaghas nach mbíonn ag mórán. Ceoltóir, cumadaóir, file, fear a raibh líofacht teanga agus intinne araon aige. Rud a ba léir ní amháin le linn dó a bheith i mBéal Feirste ach nuair a casadh orm é ag an Oireachtas.
Bhí Peadar Ó Riada ag caint ar Raidió na Gaeltachta aréir agus muid ag éisteacht leis fad is go rabhamar ag taisteal go Baile Átha Cliath. Mar a chuimhnigh Peadar dúinn file ar nós Sheáin Uí Ríordáin a bhí i nDónall, saoi na bhfocal, fear a raibh maistearacht faoi leith aige ar fhocail, fear a bhí gealgháireach, bríomhar agus feith an ghrinn aige, fear a sheas an fód ar son na Gaeilge agus ar son Ghaeltacht Chúl Aodha.
Is mór an chaill é do Chonchúr, dá chlann, do phobal Chúl Aodha é imeacht Dhónaill. Ach is mór an chaill fosta do lucht na Gaeilge, thoir thiar, thuaidh theas. Combhrón le Conchúr, lena chlann agus gaolta, agus le muintir Chúl Aodha.
Go bhfáilteodh naoimh na hÉireann Dónall isteach sna Flaithis.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>