Gradam-less i mBéal Feirste
Níor thugamar gradam abhaile linn aréir agus muid i mBaile Átha Cliath ag na gradaim Glen Dimplex ar an drochuair. Bhí mé féin (Cathrach) Fearghas Ó hÍr, (Mórbhealaí is Cúlbhealaí na hÉireann) agus Jacqueline de Brún, (Scoil an Chnoic) uilig san iomaíocht don duais Gaeilge, triúr as Iarthar Bhéal Feirste. Moladh an trí leabhar chun na spéartha nuair a thug Nuala Ní Dhomhnaill breithiúnas na moltóirí. Comhghairdeas le Simon Ó Faoláin a thug leis an dhuais Gaeilge agus é tuillte go maith aige as cnuasach iontach filíochta, Anam Mhadra, a d'fhoilsigh Coiscéim. Bhí an ócáid bhronnta ar siúl i nDánlann Hugh Lane agus gach duine gléasta d'ócáid 'carabhat dubh' mar a dheirfeá. Bhí mé ag aon tábla le hÉilís Ní Dhuibhne, le Micheál Ó Conghaile, le Ciarán Ó Fathartha, amhránaí agus a bhean, leis an bhéaloideasaí Bo Almqvist, agus le Mary Banotti, iarfheisire Eorpach. Mar sin bhí siamsa ag baint leis sin. Bhí John Kelly, fear RTÉ ó Fhear Manach i mbun cúrsaí ar an oíche agus mar aon le béile deas bhí craic iontach ag baint leis na himeachtaí. Nó sin a shíl mé ag an am. Ar fhilleadh go Béal Feirste dom ar 2.00 ar maidin, agus am mo chéad chlár raidió ar 8.00 ar maidin ag druidim liom bhí mé beagánín meallta nár tháinig gradam ar ais go Béal Feirste linn ach beidh lá eile ag an Phaorach. Agus cinnte go mbeidh an dara leabhar 'Cathracha' ann roimh an Nollaig nó díreach luath san athbhliain. Grianghrafanna, triúr Bhéal Feirste, Simon Ó Faoláin agus an bheirt mholtóir, Eilís Ní Dhuibhne agus Nuala Ní Dhomhnaill, agus an triúr arís le Seosamh Ó Murchú ón Ghúm.


digg it
del.icio.us
Ah bhuel, ar a laghad bhi tu ar an liosta. Abair seo liom, cad chuige nar fhan tu thar oiche agus la saor a ghlacadh on obair?
file — 2008-11-11 - 17:09:50 GMT 0