Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Cé chomh luachmhar is atá muid?

eoghan @ 12:11

untitled.jpgBeidh aonach fostaíochta do dhaoine óga ag Coláiste Feirste i mBéal Feirste amárach, Déardaoin 13 Samhain. Fáilte roimh gach duine ar shuim leo eolas faoin fhaill fostaíochta atá ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu. Bhí mé ag cur agallamh ar Chiarán Mac Giolla Mhéin ó Fhorbairt Feirste faoi sin níos luaithe inniu ar Raidió Fáilte. An rud a ba ionadh liom ná nach raibh a fhios ag Ciarán cá mhéad daoine atá fostaithe in earnáil na Gaeilge i mBeal Feirste nó sa tuaisceart. Is cuimhin liom gur chuir mé an cheist seo ar go leor de na heagrais Gaeilge tráth agus nach raibh duine ar bith in ann a rá liom cá mhéad Gaeil atá fostaithe nó cad é a luach don gheilleagar as an fhostaíocht sin gan trácht ar an caiteachas ón phobal Gaelach.
Rinne mé clár raidió tráth faoi seo agus an t-am sin, roinnt blianta ó shin, bhí tuairim is 500 duine fostaithe in earnáil na Gaeilge, tuairim is 350 acu sin in earnáil na Gaelscolaíochta.
An bhfuil an figiúr sin tite, méadaithe, mar a gcéanna. Tá go leor eagrais Gaeilge ann sa tuaisceart agus shílfeá go mba cheart dóibh sin an t-eolas a bheith acu. An bhfuil a fhios ag duine ar bith?
Sa ghrianghraf thuas feictear Ciarán Mac Giolla Mhéin ó Forbairt Feirste agus Paul Maskey atá orthu sin atá ag cur chun tosaigh turasóireacht in Iarthar Bhéal Feirste.

Nótaí Tráchta(2) »

  1. chuir tú do mhéar, a Eoghain, ar laige bhunúsach atá ar ghluaiseacht na Gaeilge, i.e. easpa monatóireachta ar a bhfuil ag dul ar aghaidh le fáil amach an bhfuil muid ag fáil luach ár gcuid airgid as an infhéistíocht a dhéanann muid intí.Níl aon amhras ach go bhfuil cuid mhór dá dhéanamh ach an bhfuil na heagrais ag díriú isteach ar na rudaí is mó atá ag teastáil uainn nó nach bhfuil ann ach go ndéantar rud éigin,is cuma cad é,a fhad agus go líonann sé tuairisc ag deireadh na bliana ar mhaithe le deontas a tharraing don bhliain dar gcionn.Má tá muid le dul ar aghaidh go héifeachtach is dóigh liom go bhfuil monatóireacht ghéar de dhíth le fócas a dhéanamh ar na rudaí is mó atá ag teastáil uainn mar phobal.
    Dream ar bith a bheadh dairíre faoi chur chun chinn na teanga shílfeá ,agus an oiread sin daoine fóstaithe go lán aimseartha,ní amháin go mbeadh cuntas ar líon na ndaoine atá ag obair san earnáil ach liosta cuimsítheach de Ghaeil ar fáil mar uirlís mhargaíochta.Níl a leithéid ann ach go mbíonn muid go síoraí ag gearáin go bhfuil sé deacair daoine a bhaint amach.Cad é mar a bheadh sé ar mhalairt de dhóigh agus gan a fhios againn cá bhfuil daoine iná gcónaí?

    Séamus Mac Seáin — 2008-11-12 - 18:24:04 GMT 0

  2. Nár chuir Breandán Ó Mairreán an Gaeleolaí le chéile blianta ó shin chun a leithéid de bhunachar a chur ar fáil. Nach bhfuil sé thar am a mhacasamhail a chur ar fáil arís eile? Ach an ndéanfadh duine ar bith é gan deontas - rud a rinne Breandán nó lorg sé fógraíochta.

    Gael eolaí — 2008-11-12 - 18:50:44 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>