Dónall Ó Liatháin
Tá Dónall Ó Liatháin le cur i gCúl Aodha inniu, i gcré an cheantair ar ansa ar an tsaol leis, faoi scath na ndaoine ar ansa leis. Agus is cinnte go mbeidh spiorad Dhónaill beo beatha ní amháin sa scaifte a bhaileoidh sa reilig inniu ach tá an síol curtha ag Dónall agus ag a chuideachta i gCúl Aodha a bhfágfaidh go mbeidh seans maith ag Cúl Aodha leanúint agus treisiú mar cheantar Gaeltachta. Agus ní beag an éacht é sin.
Labhair mé le Conchúr aréir agus chuir in iúl ár gcomhbhrón ó lucht Raidió Fáilte, ó mhuintir na Cultúrlainne agus ón iomaí cara aige féin agus ag a athair anseo i mBéal Feirste. Bhí focal faoi leith ag Gearóid Ó Cairealláin do Dhónall. Bhí seanaithne ag Gearóid ar Dhónall mar gheall ar obair a rinne an bheirt acu leis an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta. Agus am a phósta scríobh Dónall dán do Ghearóid, dán a chuir go mór leis an bhainis. Is iomaí duine a bhfuil dán ó Dhónall acu, dántaí a chuir go mór le hócáid speisialta, breith pháiste, pósadh, dul faoi chleamhnas, agus go leor leor eile. Fear pobail a bhí ann in achan chiall den fhocal sin.
Beidh roinnt Gaeil as Béal Feirste ag an tórramh inniu agus beidh siad sin ionadíoch don uile duine againn a bheidh ag smaoineamh ar Dhónall agus ar a chlann inniu. Go bhfáilteodh naoimh na hÉireann Dónall isteach sna Flaithis.
Thíos tá dán ó Dhónall a bhí le ceol ar dhíosca le Peadar Ó Riada, Winds-Gentle Whisper’ , a éisíodh i 1995, in am dorcha nuair a bhí an cuma ar an sceal go raibh an próiseas síochána i mbaol a tite.
Bóthar na Siochána
.
A Thiarns Dia ár Slánathóir,
Tabhair dúinn do lámh ná tréig sinn.
A Thiarna Dia sa bhfásach sinn.
Is fuath is bás Caithréimeach.
Tú Thráigh an mhuir do Chlann Israél,
A bhí go docht í neighinn
‘Noís féach le trua is treoiríghsinn.
Chun síochána in Eirinn.
.
Ar bhóthar na sióchána.
Ar chosán díreach Dé.
Ar bhóthar na sióchána.
I gcáirdeas sinn go léir.
Tá dúthaigh romhainn go h-aoibhinn.
Beam ann le breacadh an lae.
Ach siúlaimis le chéile,
Gach láimh I lámhibh Dé.
.
Sheas tú go bás, a Shlánaitheoir.
Chun sinn ón mbás do shaoradh.
Tú crochta céasta ar an gcrois,
Mar íobairt dúinn Síol Eabha.
O bhróin an bháis atá ‘nár measc.
Tabhair sólás dúinn is feoéseamh.
Is treoraigh sinn-ne thuaidh is theas.
Chun síochána in Eirinn.
.
Dónal O Liatháin
The Road of Peace
.
O Lord God our Saviour,
Give us your hand, don’t forsake us.
O Lord God, in the wilderness we stand,
With hate and death triumphant.
You ebb the sea for the tribes of Israel,
Who were in dark enslavement.
So lead us now from north and south,
In peace for all in Ireland.
On the peaceful road now take us,
On the straight and Godly path
On the peaceful road forever
In friendship, hand in hand.
The promised land awaits us,
Through the gloom now shines the dawn.
So let us walk together,
In your tender hands each hand.
Steadfast you loved , O Saviour.
To death, from death to save us.
Nailed, crucified upon the cross
A sacrifice for Eve’s children
From death’s deep sorrow, grief and loss,
Give us relief and solace.
And lead us on from south and north
Toward peace for all in Ireland.
.
Dónal O Liatháin


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta