Mandela i mBéal Feirste
Tá saothar ealaíne a rinne Nelson Mandela fad is go raibh sé faoi ghlas i Robben Island amach ó chósta na hAfraice Theas le feiceáil i dtaispeántas iontach a bheidh ag oscailt i mBéal Feirste Déardaoin seo chugainn. Is sa Batik Interiors, dánlann atá lonnaithe sa Gháslann i mbBéal Feirste a bheidh an taispeántas agus ní bheidh sé ar taispeáint ach go gcionn dhá lá. Mar sin gabh i dteagmháil leo. Is dócha ach tú breathnú ar an saothar seo go dtuigeann tú cad chuige a bhfuil comhbhá ag Mandela is an ANC le Sinn Féin agus le Poblachtaigh sa tír seo. Breathnaigh ar an phictiúr thuas agus is furasta a shamhlú gur an Cheis Fhada a bhí i gceist seachas Robben Island.


digg it
del.icio.us
Ní shílím gurb iad Nelson, lucht Shinn Féin agus poblachtach nó beirt a bhí ar an aon dhaoine a bhí faoi bhraighdeanas riamh
Fearn — 2008-11-12 - 16:18:44 GMT 0
The 'black provo' a thug duine de chomhairleoiri aontachtacha i mBéal Feirste ar Nelson Mandela nuair a thug sé cuairt ar Éirinn. Is cinnte nach bhfuil mórán cairde ag Nelson agus 'sceimhlitheoirí' an ANC i measc bunús an phobail aontachtaithe ó thuaidh. Ach tá an ceart agat a Fearn ar bhealach, nó ní hiad Poblachtaigh amháin a bhí faoi bhraighdeanas agus is cinnte go bhfuil protastúnaigh agus aontachaithe sa tuaisceart a bhí gníomhach san fheachtas chun Nelson Mandela a shaoradh. Nár ainmníodh ceannáras na mac léinn ag Queens Mandela Hall.
mandela - sceimhlitheoir — 2008-11-12 - 16:34:36 GMT 0
Cé a thug Sealadach Gorm ar mo dhuine? Ainm, céim agus uimhir. le do thoil.
Is dóigh go bhfuil sé níos éasca ar aontachtaithe "lliobrálacha" na hOllscoile tabhairne na macLéinn a bhaisteadh i ndiadh sean sceimhlitheora a tá thar dochar.
Dála an scéil tá priosiúin an domhain breac le cimí, idir pholaitiúla is eile, agus bhí riamh. Siadsan a bhí i mo cheann agud mé ag scríobh thuas
Fearn — 2008-11-13 - 15:02:15 GMT 0
Frank Millar a bhí ann más buan mo chuimhne, comhairleoir aontachtach. Fiú féin creidim gur phléigh siad ag an chomhairle rún a achtú ag cáineadh an ANC. Ach ar ndóigh níl aon fhadhb ag an chomhairle céanna ag reáchtáil paráideanna agus fáiltiú ar ais roimh lucht cogaíochta agus sceimhle na saolta seo. An RIR mar shampla.
mandela - mo ghile mear — 2008-11-13 - 17:26:20 GMT 0
Franc Milleoir! Polaiteoirín agus a chúig bhomaite déag iomrá aige, is dóigh.
Á bhuel, cead aighnis ag na clabairí amhail cách
Fearn — 2008-11-14 - 12:56:59 GMT 0