Diwali agus Samhain i mBéal Feirste Thuaidh
Luaigh mé cheana féin an dianchúrsa atá le bheith ar siúil ag Cumann Mhic Reachtain an deireadh seachtaine seo i mBéal Feirste Thuaidh - feach thíos. Ach tá go leor imeachtaí eile ar siúil ag Gaeil Bhéal Feirste Thuaidh an deireadh seachtaine seo. Anocht, Dé hAoine, 14 Samhain ar 8.30 beidh an grúpa Sibhléis, Gearóidín Breatnach, Éamann Ó Faogáin, agus Róise Nic Corraidh, agus an chlársigh,Cathy Potter, i mbun ceoil ag ócáid atá á eagrú in Ostan an Landsdowne ar Bhóthar Aontroma. Tá taille £5 ann agus is féidir eolas a fháil ó Niall 90749688.
Agus De Sathairn 15 Samhain ó 3.00-7.00 ag Halla Naoimh Caoimhín, Sráid na Banríona Thuaidh, beidh ceol beo ó Bréag, ceol triaidisiúnta, damhróirí Indiacha agus Gaelacha, péintéireacht aghaidhe agus fiche rud eile ar siúil mar chuid de cheiliúradh Diwali & Samhain. Ócáid í seo a dheantar a eagrú gach bliain agus bíonn scaifte bocht ann i gcónaí (bocht sa chiall mór!) Is é an tAire Stáit Gerry Kelly a osclóidh an fhéile atá a eagrú ag Cumann Samhraidh Mhic Reachtain. Tuilleadh eolais, 02890749688.


digg it
del.icio.us
Uachtáil na neachtrannach ag na Gaeil é seo, an ea?
Chonaic mé go raibh na Polainnigh ag na hAontachtaithe: an Polainneach a scread amach "Diabhail Géilleadh" ag cóisir na nAontaithe le déanaí.
Fearn — 2008-11-14 - 15:18:14 GMT 0