Sinn Féin - 'smoke and mirrors'
Tá dhá leabhar eile ar na gaobhar faoi na trioblóidí ó thuaidh. Tá Anthony Mc Intyre i ndiaidh leabhar dár dteideal 'Good Friday - the death of republicanism' a chur i gcló de réir Lindsay Mc Dowell, colúnaí leis an Belfast Tele. Agus luaíonn sí leabhar eile atá ag teacht gan mhoill, mar atá 'Gunsmoke and Mirrors: How Sinn Fein Dressed Up Defeat as Victory.' Is é Henry Mc Donald údar an leabhair sin. Tharla nach bhfuil ceachtar den dá leabhar léite agam ní cheart dom breithiúnas a thabhairt. Ach maidir le hAnthony Mc Intyre, cinnte, fairphlé, cuir i gcló é. Ach fós níor dúirt Anthony nó duine ar bith eile cad é an rogha atá ann ar an phróiseas a bhfuil Sinn Féin ag dul dó anois. Murab é dul ar ais go dtí an cogadh - agus is beag duine a dhéanann an argóint sin - cad é an rogha eile a bhfaighfeadh tacaíocht ón phobal náisiúnach? Agus maidir le Henry Mc Donald ...... Tá míshásamh i measc náisiúnach agus i measc poblachtach maidir leis an dóigh a bhfuil cúrsaí ag dul. Ach an mbeadh siad a dhath ar bith níos faide chun cinn dá mba rud é go raibh muid i ndiaidh 14 bliana de chogadh a chur dínn seachas an 14 bliana atá muid i ndiaidh a chur dínn. Tá faill ag daoine atá míshásta le dóigh Shinn Féin a gcás a chur agus chonaic muid i mBéal Feirste coicís ó shin go bhfuil eagar ag teacht ar an ghrúpa Éirigí agus go bhfuil siad in ann a gcás a chur go maith. Beidh ar Shinn Féin a bheith iontach cúramach sa dóigh a phléann siad leis an leamhsháinn a chruthaigh na haontachtaithe sa tionól. Nó fiú féin tá cuid de lucht tacaíochta Shinn Féin sa phobal Gaelach ó thuaidh atá thar a bheith mishásta faoin dóigh a bhfuil Lá Nua a ligean chun báis agus rudaí eile a tharla i dtaobh na Gaeilge ar na mallaibh.


digg it
del.icio.us
Cogadh nó caidé? Sin an cheist! Bua nó cailliúint in ndiaidh an chogaidh.
Má leanann Sinn Féin ar a tháirim, bainfidh siad amach cearta don na náisiúnteoirí ar aon dul le saoránaigh eile na Ríochta Aontaithe
Fearn — 2008-11-14 - 15:14:24 GMT 0
Chun sin a bhaint amach bheadh orthu aghaidh a thabhairt ar na haontachtaithe. Is é sin an laige atá i gcónaí ag Sinn Féin. Ní thiocfadh leo brath ar rialtas na hEireann nó rialtas na Breataine chun tacú leo na haontachtaithe a stroiceadh amach as an chlochaois, an áit is fearr leo, lena dtabhairt isteach sa Ríocht Aontaithe nua-aoiseach. Nó sa deireadh tá an Ríocht Aontaithe, ní áirim aon chuid den oileán seo ansin, tá pobal ilchineálach, ilchiníoch ann agus go leor rudaí maithe faoi. Ní miste go mbeadh na cearta sin againn. Ach is den seanghlúin mise - cuirim leis an mana, 'damn your concessions england - we want our country.' Agus is cuma cén cearta atá i gceist nó is Eorpaigh anois muid seachas Sasanaigh, Eireannaigh srl.
saoránaigh na hEorpa muid uilig anois — 2008-11-14 - 15:48:01 GMT 0
Is maith liom go bhfuil leabharthaí den chineál seo ag teacht i gcló. Níl mé ag rá go n-aontóinn leis an chur amach atá ag na húdair seo ar chúrsaí polaitiúla na hÉireann, ach tá gá le malairt tuairimí san am i láthair, seachas achan duine ar an aon phort amháin. Tá an ceart agat, a Eoghain, nár mhaith leis an phobal náisiúnach pilleadh ar an chogaíocht, ach tá gá le freasúra polaitiúil sa phobal náisiúnach; dream atá sásta cáineadh a dhéanamh, agus súil eile a chaitheamh ar chúrsaí. An rud a chuireann isteach ormsa fá scríbhneoireacht Antony McIntyre ná an diúltachas agus an nimh a bhíonn ann, ach tá ábhar machnaimh sa mhéid a scríobhann sé chomh maith.
Seán Mór — 2008-11-14 - 17:17:22 GMT 0
Saonta an tuairim atá á léiriú ag Fearn faoi SF. Níl aon suim ag SF i gcearta do naisiúntóírí seachas i bpribhléid agus costaisí is tuarastail doibh féin amháin....
Concubhar Ó Liatháin — 2008-11-14 - 21:26:22 GMT 0
A chairde, is mór an gár go bhfuil Sinn Féin i ndiaidh tabhairt faoi thógáil páirtí agus gluaiseacht a bheidh gníomhach ar fhrónta polaitiúil agus eile ag baint de infrastruchtúr polaitiúil agus eile na Sasana sa tír seo. Amharc an fuath do náisiúnaigh i mbunús mór institiúidí an stáit. Is é sin an áit a bhfuil an troid le cur mar aon le ceisteanna sóisialta, polaitiúla srl. Agus an críochdheighilt ar láidre é ná riamh ó dheas den teorainn. Ach má tá duine ar bith in amhras faoi cén áit a bheimís mura dtug na Poblachtaigh bóthar an sracadh neamharmtha orthu tabhair spleachadh ar na Bascaigh. Is iontach an cine iad, is iontach a n-acmhainn agus a dteacht aniar ach níl siad ag dul áit ar bith leis an ghunna. Is ionadh liom nach dtugann cuid de na 'tráchtairí' seo aird ar a fhaide is a tháinig an pobal náisiúnach sa 14 bliana seo thart seachas a bheith ag maíomh as nach bhfuil sé ar chumas ag Sinn Féin, Poblachtaigh ná náisiúnaigh rialtas na Breataine agus a gcairde a bhogadh ach beagán ar shlí an cothromais.
Lisa Ní Dhálaigh — 2008-11-15 - 13:12:34 GMT 0
"Ach is den seanghlúin mise - cuirim leis an mana, 'damn your concessions england - we want our country.' Agus is cuma cén cearta atá i gceist nó is Eorpaigh anois muid seachas Sasanaigh, Eireannaigh srl. "
An capall agus a luach atá uait, sílim. Agus más Eorpach thú, tuige nach labharann tú Eorpais?
"Saonta an tuairim atá á léiriú ag Fearn faoi SF."
Ioróin a bhí i gceist agam
Fearn — 2008-11-17 - 11:38:58 GMT 0