Siúil John, siúil a rúin, siúil go tapaidh agus siúil go ciúin
Ní thig olc i dtír nach bfhearrde é do dhuine éigin. Sean nath cainte a ba cheart do Shinn Féin meabhrú air agus iad ag breathnú ar an phobalbhreith ó dheas ar maidin. Tá an Comhaontas Glas i sáinn, iad ag reáchtáil soir siar ag iarraidh spás a chur idir iad agus polasaithe a rialtas féin.Agus na vótóirí ag tabhairt a mbreithiúnas féin ar an pháirtí - tá 4% den vóta ag an Chomhaontas Glas, más fíor don phobalbhreith. Is breá liom an Comhaontas Glas nó tá mé glas (sa chiall green den fhocal) ó thaobh mo pholaitíochta de; glas náisiúnach agus glas comhshaolach. Is breá liom go bhfuil siad ag brú smacht ar charbón, scor na mbolgan solais, agus polasaithe eile. Déanfaidh siad difear ag an leibhéal sin agus is maith é. Ach tá eagla orthu an fód a sheasamh i gcoinne Fhianna Fáil ar go leor ceisteanna eile. Bhí siad ag an Chomh Aireacht nuair a moladh ciorrú ar chártí leighis, ranganna níos mó i scoileanna agus dá réir. Agus is olc an maise dóibh anois teacht amach ag scairteadh os ard go bhfuil siad míshásta faoi seo agus faoi siúd. Bhí seans acu gníomh a dhéanamh. Níl acu anois ach seans chun caint a dhéanamh. Is é ceacht na gcomhrialtas ó dheas, cuir ceist ar Mary Harney, ná nach bhfuil i bpáirtí beag ach dála an scéil d'Fhianna Fáil. Caithfidh an Comhaontas Glas fanacht sa chomhrialtas, agus píosa ar phíosa tosóidh siad ag caitheamh cúlaith Fhianna Fáil, nó imeacht as agus seasamh a dhéanamh. Thiocfadh leo tacú leis an rialtas ó taobh amuigh seachas a bheith istigh ag cuidiú le Fianna Fáil luí isteach ar na múinteoirí, na seandaoine, iad sin atá breoite agus dá réir. Ach tá mé buartha nach bhfuil an misneach ag an Chomhaontas Glas imeacht. Cinnte, beidh Gearóid Mac Adaim ag coinneál súl air seo. Bhí an t-am ann bliain nó mar sin ó shin, nuair a bhí Bertie ag déanamh na súile ar Shinn Féin agus bhí an cuma ar an sceal go mbeadh Sinn Féin san áit a bhfuil an Comhaontas Glas anois. Ar ndóigh dearfadh Sinn Féin nach nglacfadh siadsan go deo le buiséad den saghas a thug an bheirt Bhriain dúinn ar na mallaibh. B'fhéidir. Cibé, tá buntáistí áirithe do Shinn Féin nach bhfuil siad san áit a bhfuil an Comhaontas Glas anois. Siúil John, siúil go tapaidh agus siúil go ciúin....


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta