Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

'is é a dúirt bean liom.....'

eoghan @ 18:07

‘Court sources in Spain yesterday told The Times the case against De Juana was flimsy’ Is san Times Shasana a scríobhadh an méid sin inné agus iad ag caint faoi Inaki de Juana Chaos, Bascach a bhí os comhair cúirte i mBéal Feirste inniu. Tá sé ag cur i gcoinne barántas na Spáinneach, atá ag iarraidh é a eiseacadadh.
Chaith Inaki de Juana Chaos 21 bliain faoi ghlas as a bheith páirteach in imeachtaí aonad de chuid ETA i Madrid le linn na 1980í. Mharaigh an t-aonad sin 25 duine i sraith ionsaithe. Bhí Juana de Chaos le saoradh i 2004 ach rinne rialtas agus cúirteanna na Spáinne a seacht ndícheall lena choinneáil faoi ghlas. Sa deireadh d’éirigh leo é a choinneáil i ngeibheann le dhá bhliana eile as litreacha a scríobh a bhí ‘bagarthach. Bhí siad ag iarraidh é a choinneáil faoi ghlas go deo. Ach i ndiaidh stailc ocrais agus feachtas idirnáisiúnta b’éigean do rialtas Madrid é a ligean saor.
I ndiaidh dó a bheith ligthe amach as príosún thaisteal Inaki de Juana Chaos go Biarritz agus ansin ar eitleán ón Fhrainc go Baile Átha Cliath. Agus ar ndóigh bhí a fhios ag na Spáinnigh, ag peas na Francaigh, agus ag an Gharda cérbh é agus cad go díreach a bhí ar bun aige. Ar bhaint amach Baile Átha Cliath dó seachas dul i bhfolach, mar a rachadh duine a bheadh ar a sheachaint, d’iarr Inaki de Juana Chaos pás nua ar ambasaid na Spáinne. Agus fiú féin go deachaigh sé chuig Ambasaid na Spáinne agus cuireadh faoi agallamh ansin é. Dúradh leis go mbeadh roinnt seachtainí ann lena hiarratas a mheas.
etarra_inaki_juana_chaos.jpgChuaigh Inaki de Juana Chaos ar aghaidh go Béal Feirste agus bhí sé ansin nuair a chuala muid an sceal faoi bharántas a bheith éisithe ag cúirt sa Spáinn.
Is é atá ag croí cás na Spáinneach ná gur léadh amach litir ag ócáid a reáchtáladh chun fáiltiú roimh Inaki de Juana Chaos i ndiaidh dó teacht amach as príosún.
Dar leis na breithimh go raibh focail sa litir sin a léirigh bá le hETA agus le cur chun cinn a bhfeachtas siúd.
Ach ní raibh Inaki de Juana Chaos ag an ócáid seo. Ní léir cé a scríobh an litir. Ní léir cad é an chiall a bhí leis na focail sin a léadh amach, más fíor. Is e a dúradh, de réir dealraimh, ná ‘Aurrera Bolie’, rud a chiallaíonn macasamhail ‘keep the ball going onwards!.’
Anois, is é seo an áit a bhfuil cúrsaí. Gur féidir barántas eiseachadta a éisiúint agus gan d’fhianaise ann ach scéal ‘dúirt bean liom gur dhúirt bean léi...’
Chonaic muid sa Bhreatain ar na mallaibh go dtig le duine a bheith tugtha os comhair cúirte as amhráin áirithe a bheith ina seilbh acu nó as rudaí áirithe a léamh. Cá stopann tú?
Sa tír seo, nó sa chuid oirthuaisceartach de, baineadh úsáid as gach gléas agus as gach áis chun an dlí a chur as riocht, chun daoine a chosc ó thuairimí áirithe a nocht nó a chloisteáil nó a rá. Agus cad é an toradh a bhí air. Bhain sé de dhaonlathas seachas cur le daonlathas.
Agus is amhlaidh go bhfoghlaimeoidh rialtas is cúirteanna na Spáinne nach fiú a bheith ag bunú an dlí ar fhealsúnacht ‘dúirt bean liom....’ seachas ar fhiricí agus ar chothromas.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>